AUP - Acceptable Use Policy
Relating to the use of Computers and the Internet in School
Is é aidhm an Pholasaí Úsáide Inghlactha a chinntiú go bhfaighidh daltaí buntáistí as na deiseanna foghlama as acmhainní Idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach. Féachtar ar úsáid agus rochtain Idirlín mar acmhainn agus mar phribhléid scoile. Mura gcomhlíontar polasaí AUP na scoile mar sin tarraingeofar siar an phribhléid agus gearrfar smachtbhannaí cuí - mar atá leagtha amach san AUP.
Tá sé i gceist go ndéanfaidh ionadaithe scoile agus tuismitheoirí athbhreithniú gach bliain ar an AUP. Sula síneofar é ba chóir an AUP a léamh go cúramach lena léiriú go dtuigtear agus go nglactar le coinníollach na húsáide.
Cruthaíodh an leagan seo den AUP ar an 11/9/07
Ag Niamh Nic Dhiarmada agus múinteoirí na scoile.
Straitéis na Scoile
Bainfidh an scoil leas as roinnt straitéisí chun cur chomh mór agus is féidir le deiseanna foghlama agus le rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a laghdú. Is iad na straitéisí na cinn seo a leanas:
Go Ginearálta
Ríomhphost
Comhrá Idirlín
Gréasán Scoile le forbairt I 2007-2008
Soláthróidh an scoil eolas ar an reachtaíocht seo a leanas maidir le húsáid an Idirlín agus ar chóir do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí dul i dtaithi uirthi:
SmachtbhannaíD'fhéadfadh gníomh disciplíne teacht as mí-úsáid a bhaint as an Idirlíon, lena n-áirítear tarraingt siar pribhléidí rochtana agus i gcásanna tromchúiseacha fionraí nó díbirt. Tá sé de cheart ag an scoil freisin aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha a thuairisciú chuig na húdaráis chuí.
Féach le do thoil ar an bPolasaí Úsáide Inghlactha, sínigh agus cuir ar ais an fhoirm cheada seo chuig an bPríomhoide.
Gaelscoil Éirne
Ainm an Dalta: ______________________
Rang/Bliain: ______________________
Dalta
Comhaontaím Polasaí Úsáide Inghlactha na scoile a leanúint maidir le húsáid an Idirlín. Bainfidh mé úsáid as an Idirlíon ar bhealach freagrach agus comhlíonfaidh mé na rialacha ar fad a mhíneoidh an scoil dom.
Síniú an Dalta
Dáta:
Tuismitheoir/Caomhnóir
Mar thuismitheoir/Caomhnóir dlíthiúil an dalta thuas tá an Polasaí Úsáide Inghlactha léite agam agus tugaim cead do mo mhac nó iníon rochtain a dhéanamh ar an Idirlíon. Tuigim go bhfuil rochtain Idirlín leagtha amach chun críocha oideachais. Tuigim freisin go bhfuil gach réamhchúram réasúnach glactha ag an scoil chun soláthar a dhéanamh do shábháilteacht ar líne ach ní féidir freagracht a bheith ar an scoil má dhéanann daltaí rochtain ar ghréasáin mhí-oiriúnacha.
Glacaim leis an alt thuas □ Ní ghlacaim leis an alt thuas □
(Cuir tic sa bhosca cuí)
Maidir le gréasán na scoile tuigim sa chás gur cuí leis an scoil sin gur féidir obair scoile mo linbh a roghnú le cur ar ghréasán na scoile. Tuigim téarmaí an Pholasaí Úsáide Inghlactha agus glacaim leo maidir le hobair leanaí a fhoilsiú ar ghréasán na scoile.
Glacaim leis an alt thuas □ Ní ghlacaim leis an alt thuas □
Síniú: ____________________Dáta:________________
Seoladh: ____________________Teil:_________________

- Beidh múinteoir i gcónaí ag maoirsiú seisiúin Idirlín.
- Bainfear leas as bogearraí scagtha agus/nó córais chomhionainn chun an riosca a bhaineann do nochtadh d'ábhar míchuí a laghdú. Déanfaidh an scoil monatóireacht rialta ar úsáid idirlín na ndaltaí.
- Cuirfear oiliúint ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí maidir le sábháilteacht Idirlín.
- Ní cheadófar íoschóipeáil nó uaslódáil a dhéanamh ar bhogearraí nach mbeidh ceadaithe.
- Bainfear leas as bogearraí cosanta víreas agus tabharfar é cothrom le dáta go rialta.
- Beidh cead ón múinteoir riachtanach chun dioscaí flapacha pearsanta nó CD-ROMann a úsáid sa scoil.
- Cleachtóidh na daltaí dea “netiquette” (i.e., etiquette ar an Idirlíon) ag gach tráth agus ní thabharfaidh siad faoi aon ghníomh a tharraingeiodh droch-cháil ar an scoil.
- Ní rachaidh mic léinn chuig láithreáin Idirlín ar a mbeidh ábhair ghraostacha, mídhleathacha, fuatha nó a bheidh míchuí ar bhealach eile. Is chun críocha oideachais amháin a bhainfidh daltaí úsáid as an idirlíon.
- Beidh eolas ag daltaí ar cheisteanna cóipchirt a bhaineann le foghlaim ar líne.
- Ní dhéanfaidh daltaí nochtadh nó foilsiú ar eolas pearsanta.
- Beidh a fhios ag daltaí go bhféadfadh aon úsáid lena n-áirítear eolas a dháileadh nó a fháil, cibé obair scoile nó nithe pearsanta a bheith faoi mhonatóireacht ó thaobh ghníomhaíocht neamhghnách, slándáil, nó cúiseanna bainistíochta gréasáin.
Ríomhphost
- Úsáidfidh daltaí cuntais ríomhphoist cheadaithe faoi mhaoirseacht nó cead múinteora.
- Ní sheolfaidh agus ní bhfaighidh daltaí aon ábhar a bheidh mídhleathach, graostach ná míchlúiteach nó a bhfuil sé i gceist leis cur as do dhuine eile nó imeaglú a dhéanamh air.
- Ní fhoilseoidh daltaí a sonraí pearsanta féin ná sonraí daoine eile, nithe mar sheoltaí nó uimhreacha fóin nó picitiúir.
- Ní shocróidh daltaí cruinniú casadh go fisiciúil le haon duine.
- Tabharfaidh daltaí ar aird gur faoi réir chead óna múinteoir a fhéadfaidh daltaí aguisíní le ríomhphoist a fháil agus a sheoladh.
Comhrá Idirlín
- Ní bheidh rochtain ag daltaí ar sheomraí comhrá, ar fhóraim chomhrá agus ar fhóraim leictreonacha cumarsáide eile ach de réir mar a bheidh ceadaithe ag an scoil.
- Ní bhainfear leas as seomraí comhrá, fóraim phlé agus fóraim chumarsáide leictreonacha eile ach amháin do chríocha oideachais agus beidh sin faoi mhaoirseacht ag gach tráth.
- Bainfear úsáid as ainmneacha úsáideoirí chun fíorchéannacht a cheilt.
- Beid cosc iomlán ar chruinniú duine le duine trí chruinniú a bheidh eagraithe via comhrá Idirlín.
Gréasán Scoile le forbairt I 2007-2008
- Tabharfar deis do dhaltaí tionscadail, obair ealaíne nó obair scoile a fhoilsiú ar an nGréasán Domhanda.
- Déanfaidh múinteoir comhordú ar fhoilsiú obair daltaí.
- Foilseofar obair dhaltaí i gcomhthéacs oideachais ar leathanaigh Gréasáin le fógra cóipchirt a choscfaidh cóipeáil obair den sórt sin gach cead sonrach i scríbhinn.
- Ní fhoilseofar grianghraif dhigiteacha, clipeanna éisteachta nó físe de dhaltaí aonair ar an ngréasán scoile. Díreoidh grianghraif agus clipeanna éisteachta agus físe ar ghníomhaíochtaí grúpaí. D'fhéadfadh clipeanna físe cosaint pasfhocal a bheith ag dul leo.
- Fágfar amach eolas pearsanta faoi dhaltaí mar sheoladh baile agus sonraí teagmhála den leathanach gréasáin scoile.
- Beidh úinéireacht ag daltaí fós ar an gcóipcheart ar aon obair a fhoilseofar.
Soláthróidh an scoil eolas ar an reachtaíocht seo a leanas maidir le húsáid an Idirlín agus ar chóir do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí dul i dtaithi uirthi:
- An tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998
- An tAcht Tascartha 1993
- An tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989
- An tAcht um Chosaint Sonraí 1988