Gaelscoil Eirne
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn

Gaelscoil Éirne
​ POLASAÍ RIACHTANAIS SPEISIALTA OIDEACHAIS

Bunscoil mheasctha sa phríomhshruth is ea Gaelscoil Éirne, a oibríonn le daltaí ó chúlraí sóisialta agus cultúrtha éagsúla.    Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí seo treoir phraiticiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu sa réimse seo maidir le tacaíocht foghlama éifeachtach atá curtha ar fáil do dhaltaí a bhfuil gnóthachtáil oideachasúil íseal acu, agus/nó a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, chomh maith leis na dualgais atá orainn faoin Acht Oideachais 1998 a chomhlíonadh.  Geobhaidh daltaí ins na catagóirí seo a leanas teagasc breise ón Múinteoir Tacaíochta Foghlama agus an Múinteoir Acmhainne faoi théarmaí an Samhail Leithdháilte Ghinearálta mar a mhínítear i gciorclán ROE 02/05.  
 
  • Daltaí a ghnóthaigh marc ag/faoi bhun an deichiú peircintíl i dtrialacha caighdeánaithe sa Mhataimaitic nó Béarla.
  • Daltaí le deacrachtaí foghlama, daltaí le deacrachtaí éadroma sóisialta agus mothúchánacha, agus daltaí le deacrachtaí éadroma comhordaithe agus neamhord easnamh airde a bhíonn coitianta i gcás míochaine ar leith.
  • Gheobhaidh daltaí aitheanta as bheith sa chatagóir íseal minicíochta (Aipindic 1 Ciorclán Ri. Sp. 02/05) dáiliúchán breise tacaíochta indibhidiúla ón Eagarthóir Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO).
  • Gheobhaidh daltaí le riachtanais speisialta oideachais de bharr míchumais ardmhinicíochta (míchumas foghlama éadrom ginearálta, míchumas foghlama éadrom ginearálta agus míchumas foghlama ar leith) breis tacaíochta.
  • Ag an bpointe seo, tá na hacmhainní tacaíochta seo a leanas ag an scoil le haghaidh daltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais.
    • Múinteoir Tacaíochta Foghlama amháin roinnte le Scoil Chill Bharúin (15n-uair)
    • Múinteoir Acmhainne amháin le haghaidh páistí le Riachtanais Speisialta Oideachais. (23n-uair)2016
 
Cur i bhFeidhm agus AthbhreithniúCuirfear an polasaí seo i bhfeidhm ar 1/9/2010.  Déanfar athbhreithniú air ag deireadh na bliana scoile gach tríú bliain, nó chomh minic agus is gá. 
Daingniú agus CumarsáidDeimhnithe ag an mBord Bainistíochta Gaelscoil Éirne ar 1/9/2010.
 
Cuirfear cóip den bpolasaí seo ar fáil do mhúinteoirí, tuismitheoirí de dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais agus daoine eile, ar iarratas..
 
POLASAÍ TACAÍOCHTA FOGHLAMA
 
Mór-aidhm an pholasaí tacaíochta foghlama ná an próiseas foghlama a bharrfheabhsú ionas gur féidir cur ar chumas daltaí le deacrachtaí foghlama leibhéal sásúil i dtaobh Litearthacht agus Uimhearthacht a bhaint amach, sula bhfágann siad an scoil.
 
Tacaíocht Foghlama: aidhmeanna ar leithIarraimid, tríd an bpolasaí seo, na rudaí seo a leanas a chur i gcrích:
  • Cuidiú le daltaí bheith rannpháirteach sa churaclam iomlán atá in oiriúnt dá leibhéal ranga.
  • Féinmheas dearfach a fhorbairt, chomh maith le dearcadh dearfach maidir le cúrsaí scoile agus foghlama.
  • Cur ar chumas na ndaltaí monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid oibre féin, agus a bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha, laistigh dá réimse cumais féin.
  • Tuismitheoirí a bheith rannpháirteach i gcúrsaí foghlama na bpáistí.
  • Comhoibriú idir mhúinteoirí a chothú. 
BunphrionsabailAithníonn an scoil go mbíonn cláir éifeachtacha foghlama bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
  • Polasaithe éifeachtacha na scoile uile
  • Rannpháirtíocht na scoile uile
  • Dian-idirghabháil luath a chur ar fáil
  • Aiseanna a dhíriú i dtreo na ndaltaí is mó riachtanais.
 
 
Straitéisí Seachanta
Chun minicíocht deacrachtaí foghlama a ísliú, chomh fada agus is féidir, cuirfear na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm:
  • Cur chuige aontaithe sa scoil uile a fhorbairt agus a fheidhmiú maidir le forbairt teanga m.sh. tuiscint fóineolaíochta. 
  • Cur chuige aontaithe sa scoil uile maidir leis an gclár Matamaitice m.sh. teanga na Matamaitice.
  • Páirtíocht na dtuismitheoirí a chothú trí freastal a dhéanamh ar na cruinnithe ionduchtaithe le haghaidh tuismitheoirí na Naíonán Sóisearacha nua. 
  • Cruinnithe Tuismitheoirí agus Múinteoirí, foirmeálta agus neamhfhoirmeálta.
  • Ciorcláin scoile.
  • Idirghabháil luath bunaithe ar an rang agus curtha i bhfeidhm ag an múinteoir ranga chun breis tacaíochta a chur ar fáil.
  • Breathnóireacht leanúnach agus measúnú daltaí déanta ag an múinteoir ranga.
 
Daltaí a roghnú le haghaidh Tacaíocht FoghlamaDéanann an múinteoir ranga clár a dhréachtadh atá oiriúnach do riachtanais an dalta, bunaithe ar a b(h)reathnóireacht féin, sara ndéantar an dalta a chur go dtí an Múinteoir Tacaíochta Foghlama. 
 
Glactar le prionsabal na hIdirghabhála Luaithe; dá bhrí sin, tugtar tosaíocht do ranganna Sóisearacha.
  • Déantar scagthástáil ar Naíonáin Shóisearacha, breathnóireacht an mhúinteora in úsáid.
  •  Déantar scagthástáil go bliantúil ar gach dalta ó Naíonáin Shinsearacha ar aghaidh, trialacha caighdeánaithe in úsáid, Micra-T, MIST, agus Sigma-T, an Múinteoir Tacaíochta Foghlama á riaradh.
  • Tugtar tosaíocht maidir le Tacaíocht Foghlama do na daltaí a ghnóthaigh marc ag/faoi bhun an deichiú peircintíl, de ghnáth gan na daltaí a fuair Teagasc Acmhainne a bheith san áireamh.
  • I gcás daltaí a ghnóthaigh marc ag/faoi bhun an deichiú peircintíl, tar éis na scagthástála, bíonn cruinniú idir thuismitheoirí, múinteoir ranga agus múinteoir tacaíochta foghlama chun feidhmíocht an dalta a phlé agus teagasc breise a thairiscint. 
  • Faightear cead ó na tuismitheoirí sara ndéantar an measúnú fáthmheasach a riaradh. 
  • Na trialacha in úsáid: Aston Index, NARA agus DST.  An Múinteoir Tacaíochta Foghlama (MTF) a dhéanann iad a riaradh. Bíonn cruinniú breise comhairliúcháin ansin chun na torthaí a phlé.    
 
Na tosaíochtaí, nuair a bhíonn áiteanna Tacaíochta Foghlama á leithdháileadh
  • Daltaí Ranganna I, II agus iad siúd atá faoi bhun an deichiú peircintíl sa litearthacht.
  • Daltaí i Ranganna  III, IV nó faoi bhun an deichiú peircintíl  sa litearthacht.
  • Naíonáin Shinsearacha, aimsithe ag an múinteoir ranga, ag éirí as breathnóireacht.
  • Daltaí Ranganna I, II agus iad siúd atá faoi bhun an deichiú peircintíl san uimhearthacht.
  • Daltaí Ranganna III, IV agus iad siúd atá  faoi bhun an deichiú peircintíl san uimhearthacht – ag braith ar an méid áiteanna atá ar fáil.
  • Tacaíocht le haghaidh páistí le deacrachtaí sa litearthacht agus san uimhearthacht ins na ranganna ar fad.
 
Teagasc Breise a chur ar fáil
  • An príomhdhualgas atá ar an MTF ná teagasc breise a chur ar fáil do na daltaí thuasluaite.
  • Bíonn dhá théarma sa scoilbhliain, 20 seachtain an ceann.
  • Ní cóir go mbeadh thar 30 dalta le múineadh ag an MTF ag am ar bith.   
  • Beidh na ranganna dian ar mhinicíocht.
  • Córas aistarraingthe agus/nó tacaíocht sa rang – ag braith ar riachtanais na ndaltaí.
  • An MTF a dhéanann an cinneadh faoi méid na ngrúpaí, agus riachtanais na ndaltaí á gcur san áireamh, agus an t-ualach oibre ina iomláine. 
  • Is féidir teagasc duine le duine a chur ar fáil nuair a theipeann ar an ngrúpobair, agus nuair nach mbíonn an t-ualach oibre róthrom.
Buaileann an múinteoir ranga agus an MTF le chéile chun Cláir Foghlama Indibhidiúla (CFI) agus/nó Cláir Foghlama Grúptheagaisc (CFG) a chruthú, i gcomhairle leis an bPríomhoide agus na tuismitheoirí.  Bíonn ionchur ag na daltaí freisin maidir le spriocanna sa ghearrthéarma.   
 
Clár Foghlama Indibhidiúil agus Grúpchlár FoghlamaBeidh an clár foghlama indibhidiúil/grúpchlár foghlama i gcomhréir leis na critéir a moltar ins na Treoirlínte le haghaidh Tacaíocht Foghlama, eisithe ag an ROE sa bhliain 2000.  Beidh an plean dírithe ar réimse iomlán riachtanais na ndaltaí, ina measc: 
  • Sonraí ón Múinteoir Ranga
  • Torthaí measúnaithe
  • Eolas ábhartha eile, m.sh. tuairiscí ó fhorais eile
  • Láidreachtaí foghlama agus gnóthachtálacha
  • Tosaíochtaí maidir le riachtanais foghlama
  • Spriocanna foghlama
  • Gniomhaíochtaí foghlama sa rang
  • Gníomhaíochtaí tacaíochta breise ina measc TFC
  • Gníomhaíochtaí tacaíochta baile
Déanfar monatóireacht ar gach plean ar bhonn breathnóireachta an mhúinteora, tuairiscí pleanála agus foráis agus aiseolas an dalta féin.
 
Déanfar athbhreithniú mionsonraithe ag deireadh an téarma teagaisc.  D’fhéadfadh an MTF agus/nó an Múinteoir Ranga bualadh leis na tuismitheoirí agus dul chun cinn an dalta a phlé, i dtéarmaí an athbhreithnithe.
 
 
Coimeádfaidh an MTF an cháipéisíocht seo a leanas i gcomhaid indibhidiúla
  • Clár Foghlama – próifíl indibhidiúil
  • Tuairisc – pleanáil agus clár sa ghearrthéarma
  • Tuairiscí eile m.sh. téipthaifeadadh d’obair ó bhéal
  • Samplaí d’obair scríofa
  • Tuairiscí ar anailís léitheoireachta
Amchlár Tacaíocht foghlama a chur ar fáil mar bhreis ar ghnáth-theagasc ranga sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. 
 
Déantar iarracht nach gcailleann daltaí am ón réimse céanna curaclaim gach uair a déanfar é/í a aistarraingt ón rang chun tacaíocht foghlama a fháil. 
Is féidir tacaíocht foghlama a chur ar fáil ar bhonn an dalta a aistarraingt ón rang agus/nó teagasc a thabhairt sa rang.  Is féidir an teagasc agus an mhonatóireacht sa rang a bheith bunaithe ar chomhoibriú idir an Múinteoir Ranga agus an MTF, má tá sin oiriúnach. 
 
Tacaíocht Foghlama a choimeád sa tsiúl/ a stop
De ghnáth ní cóir go leanfadh daltaí de bheith ag fáil Teagasc Breise ar feadh níos mó ná dhá bhliain muna mbíonn said fós ag/faoi bhun an deichiú peircintíl. 
Is cóir athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir seo a leanas:
  • An bhfuil na spriocanna foghlama sroichte – cuid acu/iad ar fad?
  • An mbeidh an dalta in ann déileáil le fadhbanna i gcomhthéacs an ghnáthranga?
Má déantar cinneadh leanúint leis an dteagasc breise caithfear an Clár Indibhidiúil Foghlama (CIF) a athbhreithniú. 
Chun teacht ar chinneadh, déanfar plé idir an Múinteoir Ranga, MTF agus na tuismitheoirí, agus tógfar san áireamh éileamh iomlán na scoile ar thacaíocht foghlama.   .
Straitéisí Cumarsáide 
Is rud fíorthábhachtach é go mbeadh córas cumarsáide éifeachtach idir na páirtithe ar fad a bhíonn gafa le riachtanais foghlama an dalta. Bíonn sraitheanna éagsúla i gceist, ina measc:
  • Bualadh le tuismitheoirí na Naíonán Sóisearacha chun polasaithe na scoile, agus conas comhoibriú idir thuismitheoirí agus mhúinteoirí ar son leas na ndaltaí a chur i gcrích, a mhíniú.  
  • Tuismitheoirí a chur ar an eolas nuair a bhíonn amhras maidir le dul chun cinn ar scoil.  .
  • Cleachtas na scoile a mhíniú maidir le measúnú diagnóiseach agus na nósanna imeachta a leanann é. 
  • Comhairliúchán idir an Múinteoir Ranga agus an MTF tar éis do dhalta scór íseal a ghnóthú sa triail scagthástála.
  • Comhairliúchán idir an Príomhoide agus/nó an MTF agus/nó an Múinteoir Ranga agus tuismitheoirí tar éis do dhalta scór íseal a ghnóthú sa triail scagthástála, agus cead a lorg chun measúnú diagnóiseach agus teagasc a chur ar fáil.
  • Cumarsáid leanúnach a bheith ann idir an MTF agus an Múinteoir Ranga. 
  • Cumarsáid leanúnach a bheith ann idir an MTF agus na tuismitheoirí. 
Atreorú go dtí Forais lasmuigh den scoil 
  • An MTF a dhéanann atreorú go dtí forais sheachtracha m.sh. Síceolaí Oideachais a eagrú
  • Buaileann an Príomhoide agus/nó an MTF agus/nó an Múinteoir Ranga leis na tuismitheoirí chun atreorú a phlé agus cead a lorg. 
  • Líonann an Múinteoir Ranga an fhoirm atreorúcháin i gcomhairle leis na baill foirne chuí.
  • Tagann an proifisiúnach seachtrach chun na scoile chun bualadh leis an dalta, tuismitheoirí, príomhoide, múinteoir ranga  agus an MTF, mar is gá, agus déantar measúnú ar an dalta. 
  • Bíonn cuairt ar ais ina dhiaidh seo agus déantar na torthaí a phlé, tugtar moltaí agus déantar cinneadh maidir leis na riachtanais a shásamh.  .
  • Muna mbítear sásta leis an tseirbhís maidir le cur chuige nó leanúint ar aghaidh déanann an Priomhoide teagmháil leis an bhforas seachtrach.
Rólanna ags Freagrachtaí
  Mar seo leanas a déantar tacaíocht a thabhairt don polasaí  agus é á chur i bhfeidhm:
Priomhoide 
  • Comhordú a dhéanamh ar na seirbhísí Thacaíocht Foghlama agus Riachtanaís Speisialta
 Múinteoir Tacaíochta Foghlama
  • Cuidiú le cur i bhfeidhm réimse leathan straitéisí a bhfuil sé mar aidhm acu cur le foghlaim luath agus le deacrachtaí foghlama a sheachaint.
  • Próifílí indibhidiúla a fhorbairt agus cláir foghlama do dhaltaí a roghnófar le haghaidh teagasc breise i gcomhairle leis an múinteoir ranga agus tuismitheoirí.
  • Ag coimeád pleanáil sa tsiúl ar bhonn coicíse do gach dalta aonair nó grúpa daltaí a bhfuil  tacaíocht foghlama á fháil acu.
  • Cláir luath-idirghabhála a chur ar fáil do dhaltaí i Ranganna Sóisearacha.
  • Cruinnithe rialta a eagrú le tuismitheoirí chun dul chun cinn dalta a phlé.
  • Teagasc a thabhairt i mBéarla agus/nó Matamaitic do dhaltaí a bhfuil torthaí isle á ngnóthú acu.
  • Ag cur le forbairt polasaí ag leibhéal na scoile uile agus ag leibhéal an chnuasaigh nuair a bhaineann sé le hábhar.
  • Teagmháil leis an múinteoir ranga i dtaobh riachtanais agus dul chun cinn dalta aonair.
  • Teagmháil le forais sheachtracha.
  • Liosta a choimeád de na daltaí a bhfuil teagasc breise á fháil acu, agus riachtanais speisialta oideachais.
 
  • Measúnú diagnóiseach a stiúradh.
  • Taifid daltaí a choimeád agus a athbhreithniú.
  • Teagmháil leis an Priomhoide, múinteoirí agus tuismitheoirí.
.
  Muinteoir Ranga
Tá bunfhreagracht ar an múinteoir ranga maidir le riachtanais foghlama na ndaltaí sa rang.  I measc na bhfreagrachtaí tá: 
  • Tuismitheoiri a chur ar an eolas maidir le dalta a bhfuil amhras ar an scoil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh aige/aici.
  • Cleachtas na scoile a mhíniú maidir le measúnú diagnóiseach agus na nósanna imeachta a leanann é. 
  • Nuair is féidir, bheith i láthair ag cruinniú idir an MTF agus tuismitheoirí an dalta.
  • Dul i gcomhairle le agus comhoibriú leis an MTF nó Múinteoir Acmhainne maidir le CIF an dalta.
  • Bheith ar an airdeall maidir le fadhbanna foghlama ar leith a d’fhéadfadh a bheith ag daltaí ar leith agus an MTF a chur ar an eolas faoi seo.
  • Cláir ranga a mhionathrú chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais na ndaltaí. 
  • Treoracha soiléire a thabhairt do chúntoir ranga, má bhíonn a leithéid ar fáil, don téarma teagaisc iomlán.
 
 
Tuismitheoir
 
 Tacú le agus bheith rannphairteach i gcúrsaí foghlama a bpáiste.
 
Dalta 
Tá sé tábhachtach go mbeadh ionchur ag daltaí ina gcuid foghlama  féin – forbairt, cur i gcrích agus athbhreithniú.  Má bhíonn said gafa leis seo
  • Beidh níos mó neamhspleáchais ag baint leo mar fhoghlaimeoirí
  • Beidh siad ar an eolas faoi stíleanna éagsúla foghlama
  • Beidh tuiscint níos fearr acu ar a gcuid láidreachtaí agus laigí/riachtanais
  • Éireoidh níos fearr leo agus beidh siad in ann a gcuid dul chun cinn féin a mheas.
  • Beidh siad in ann toradh agus sásamh an-mhaith a bhaint amach in go leor réimsí den churaclam agus lasmuigh de – rud nach bféadfaí a dhéanamh sa ghnáthrang, toisc é a bheith rólán. 
  • Cleachtadh a dhéanamh ar na scileanna agus na straitéisí a fuair siad ón dteagasc breise  agus iad a úsáid sa ghnáthrang.
Bord Bainistíochta 
Cur i gcrích agus athbhreithniú an Pholasaí Tacaíochta Foghlama a mhaoirsiú agus maoiniú a dhóthain, cóiríocht agus spás stórála a chur ar fáil.   .
Acmhainní a chur ar fáil
Na hacmhainní a bheadh i gceist ná téacsleabhair éagsúla, leabhair leabharlainne, agus ábhair choimhdeacha chomh maith le hábhair forbartha teanga labhartha. 
Go leor ábhair le haghaidh tástála ina measc trialacha caighdeánaithe,scagthástáil diagnóiseach,  oilteacht léitheoireachta, tuiscint fóineolaíoch   agus oilteacht sa Mhatamaitic. 
Don chuid is mó bainfear úsáid as na hacmhainní tacaíochta foghlama sa seomra tacaíochta foghlama.
Is féidir na háiseanna a chur ar fáil do na múinteoirí ranga má aontaíonn an MTF leis.
Critéir maidir le rath acadúil 
Má chuirtear an polasaí seo i bhfeidhm ar bhonn scoile uile beidh rath ar fhoghlaim daltaí ins na bealaí seo a leanas:
  • Bíonn toradh níos fearr ó thaobh rath acadúil de nuair a bhíonn CIF in úsáid
  • Ag braith ar thorthaí feabhsaithe, is féidir deireadh a chur leis an scéim tacaíocht foghlama
  • Bíonn rannpháirtíocht níos fearr ag tuismitheoirí maidir le riachtanais foghlama a gcuid páistí
  • Bíonn níos mó deiseanna chun cumarsáid éifeachtach a chothú idir fhoireann na scoile maidir le dul chun cinn na  ndaltaí.
 
POLASAÍ MAIDIR LE TEAGASC ACMHAINNE 
RéasúnaíochtAn aidhm atá ag an bpolasaí seo ná treoir phraiticiúil a thabhairt do mhúinteoirí, tuismitheoirí agus daoine eile a bhfuil baint acu leis an obair seo ar conas tacaíocht éifeachtach teagaisc a chur ar fáil do pháistí a bhfuil míchumas foghlama orthu nó riachtanais speisialta ar bith agus chun na dualgais atá orainn faoin Acht Oideachais 1998 a chomhlíonadh. 
Sainmhíniú ar Riachtanais Speisialta 
Tá an sainmhíniú céanna againn ar Riachtanais Speisialta agus atá luaite i gCiorcláin ROE.  Déanfar idirghabháil le daltaí ar an mbealach is fearr a oireann dá gcuid riachtanais – teagasc indibhidiúil nó grúptheagasc. 
 Aithint agus roghnú páistí le riachtanais speisialta
Is féidir teacht ar an eolas seo ar bhealaí éagsúla
  • Insíonn tuismitheoirí don Priomhoide nó don múinteoir ranga faoin amhras atá orthu i dtaobh an pháiste.
  • Bíonn amhras ar mhúinteoir ranga faoi pháiste sa rang.
 
  • Thiocfadh an t-eolas chun cinn tar éis tástáil caighdeánaithe a riaradh.
  Nósanna Imeachta le leanúint
  • Tar éis dul i gcomhairle leis an múinteoir agus na tuismitheoirí, lorgóidh an Príomhoide measúnú cuí ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNCO) chun go bhféadfadh an dalta bheith i dteideal tacaíocht a fháil ón Múinteoir Acmhainne.
  • Sa chás nach mbíonn tuismitheoirí sásta cead a thabhairt dá bpáiste dul faoi mheasúnú síceolaíoch nó tacaíocht foghlama a fháil, ba chóir nóta faoin dtairiscint agus faoin diúltú a choimeád i gcomhad an pháiste.   
  • Tugann an tAcht Oideachais (Leas) 2000 údarás don mBord Bainistíochta, le cead tuismitheora páiste, socrú a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairt intleachta, mothúchánach agus fisiciúil an pháiste, riartha ag duine a roghnaíonn an Bord, le haontú an tuismitheora (Mír 10-4).  
  • Má dhiúltaíonn tuismitheoir an cead a thabhairt is féidir leis an mBord cur isteach ar an gCúirt Chuarda le haghaidh ordú ionas go bhféadfaí an measúnú a dhéanamh ar an bpáiste (Mír 10-5).
 
Aidhmeanna Teagaisc Riachtanais SpeisialtaNa haidhmeanna atá ag Teagasc Riachtanais Speisialta ná:
  • Tacú chomh fada agus is féidir le lánpháirtíocht an dalta le riachtanais speisialta sa phríomhsruth
  • Le féinmheas a fhorbairt agus meon dearfach i dtaobh na scoile agus i dtaobh foghlama a chothú sa pháiste
  • Le comhoibriú a chur chun cinn i measc na foirne i dtaobh cur i bhfeidhm polasaithe riachtanais speisialta ar fud na scoile..
Ról an Mhúinteora Acmhainne Is é ról an mhúinteora acmhainne ná chun tacú le páistí trí na rudaí a leanas a dhéanamh:
  • Clár indibhidiúl foghlama a fhorbairt le haghaidh gach dalta, ag dul i gcomhairle le pairtnéirí oideachais eile.
  • Riachtanais agus dul chun cinn an dalta a mheas agus a thaifead.
  • Spriocanna maidir le ham a leagadh síos i dtaobh gach dalta agus iad sin a aontú leis an múinteoir ranga agus an Príomhoide..
  • Teagasc díreach a thabhairt don dalta, i seomra eile, nó sa rang príomhshrutha.  
  • Comhairle a thabhairt don múinteoir ranga i dtaobh an curaclam a athrú, straitéisí teagaisc, Teicneolaíocht Eolais agus Cumarsáide agus araile..
  • Bualadh le tuismitheoirí agus dul i gcomhairle leo, agus an múinteoir ranga i láthair nuair is gá..
  • Buaileadh le proifisiúnaigh chuí chun leas an dalta a bhaint amach m.sh: siceolaithe, teiripeoirí urlabhra agus teanga agus múinteoirí ar cuairt.
 
 Amchlár·         Cuirtear teagasc riachtanais speisialta ar fáil in éineacht le gnáth-theagasc. 
  • Beidh an méid ama a leagtar amach don dalta ag braith ar an éileamh atá ar an tseirbhís agus na huaireanta atá údaraithe ag an Oifigeach Riachtanais Oideachais Speisialta (OROS). 

  • Déanfar gach iarracht cinntiú nach gcailleann daltaí am ón réimse curaclaim céanna  gach uair a bhíonn siad ag freastal ar an dteagasc breise ach amháin nuair a bhíonn diolúine ó ábhar éigin fachta acu ón ROE. 
  • huaireanta atá údaraithe ag an Oifigeach Riachtanais Oideachais Speisialta (OROS). 
  • Déanfar gach iarracht cinntiú freisin nach gcailleann daltaí ranganna cosúil le Ealaín, Corpoideachas nó Ríomhairí, ábhair a mbaineann siad sásamh astu. 
 
Ról an Mhúinteora Ranga, Tuismitheoirí, Príomhoide agus Bord BainistíochtaDéantar cur síos ar na rólanna a bhaineann leo thuas  in oideachas na ndaltaí a bhfuil teagasc acmhainne ar fáil dóíbh sa mhír dheireanach i.e. an mhír a bhaineann le Tacaiocht Foghlama..
 
Daingnithe ag an mBord Bainistíochta ar __________________
                                                                           Dáta
  Sínithe __________________________________________
              Cathaoirleach, Bord Bainistíochta
​
Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn