Gaelscoil Eirne
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn

Plean Scoile
Gaelscoil Éirne
Ábhar: Tíreolas

Réamhrá
Bhí baint agan bhfoireann iomlán i réiteach agus cur i bhfeidhm an phlean seo. Ta sé i gceist againn an phlean a cur i gcrích tríd síos an scoil mar ábhar leanúnach agus mar ábhar cuideachta do gach múinteoir.

Réasúnach
  • Chun cur le múineadh agus le foghlaim tríd síos an scoil
  • Chun druideadh le bealach foghlaime comhtháite sa tíreolas
  • Chun cinntiú go mbeidh seans ag gach páiste taisceál, fiosrú agus tuiscint afhorbairt den áit ina bhfuil said ag cónaí. Táimid ag iarriadh bhfaighfidh an pháiste taithí a fháil ar imshaol daonra agus nádúrtha
  • Ta an phlean seo scríofa in aonacht leis an gCuraclam Athbhreithnithe (1999)

Fís
Cuireann an Tíreolas chumas ar pháistí ciall a dhéanamh den domhain mórthimpeall orthu agus sa domhain mhór. Mar sin, tá an Tíreolas riachtannach d’ oideachas ghinearálta na bpáistí. Cuidíonn an Tíreolas chun páistí a réiteach le páirt a ghlacadh sa phobal trí cleithiúnachas daoine ar a chéile a thuiscint. Cothaíonn an Tíreolas tuiscint agus meas ar chultúrtha agus bealaí reatha éagsúla. Freisin, cothaíonn Tíreolas meas na bpáistí ar an timpeallacht.

Aidhmeanna
Aontaíonn muid mar fhoireann leis na haidhmeanna atá leagtha síos sa Churaclam Athbhreithnithe (1999):
• eolas agus tuiscint a fhorbairt ar imshaoil áitiúla agus réigiúnacha agus ar chinn níos  fairsinge agus ar a gcomhghaolta
• ciallú agus léirthuiscint ar ilghnéitheacht dálaí nádúrtha agus daonna sa Domhan a spreagadh
• ionbhá le daoine as imshaoil ilghnéitheacha maille le tuiscint ar chomhspleáchas daoine a fhorbairt
• cumas a fhorbairt ar raon de mhodhanna cumarsáide a úsáid, go háirithe na cinn a bhaineann le forbairt grafachta (mapáil agus bealaí neamhbhriathartha neamhuimhriúla eile chun sonraí a léiriú)
• cuidiú le forbairt a theacht ar thuiscint d'áit agus ar fheasacht ar spásúlacht
• forbairt dearctha chásmhair agus iompair stuama i leith an imshaoil mar aon le páirtíocht in aithint, plé agus réiteach nó seachaint fadhbanna imshaoil a spreagadh
• tuiscintar choincheapa tíreolaíocha cuí a fhorbairt.
Seo a leanas na cuspóirí ghinearálta (An Curaclam Athbhreithnithe,1999) a bhaineann le hoideachas tíreolaíochta:
• eolas agus tuiscint a fhorbairt ar imshaoil nádúrtha agus daonna sa dúiche máguaird, sa réigiún, in Éirinn, san Eoraip agus sa domhan
• roinnt de na próisis nádúrtha, shóisialta nó eacnamaíocha a chruthaíonn, a chothaíonn nó a athraíonn imshaoil a thuiscint
• staidéar a dhéanamh ar thionchar tosca imshaoil ar shaol daoine sa dúiche máguaird agus i gceantair eile, i dtreo go n-éireodh leis/léi tuiscint a fháil ar roinnt de na bealaí ina n-úsáideann, ina modhnaíonn agus ina dtéann daoine i gcion ar a n-imshaoil
• tabhairt faoi iniúchadh gníomhach an imshaoil áitiúil agus imshaol eile mar ghné intreach den fhoghlaim
• cumas a shealbhú ar mhodhanna cuí imscrúdaithe a úsáid agus a thuiscint agus staidéar á dhéanamh ar ghnéithe agus ar fheiniméin nádúrtha agus daonna in imshaoil áitiúla agus i gcinn eile
• tuiscint d'áit a fhorbairt: ciallú agus léirthuiscint ar phríomhthréithe áiteanna difriúla
• tuiscint do spás a fhorbairt: tuiscint ar conas atá gnéithe nádúrtha agus daonna suite agus dáilte in imshaoil áitiúla agus in imshaoil eile agus ar an gcomhghaol atá eatarthu agus an fáth atá leis sin
• léarscáil chognaíoch chuí den cheantar áitiúil a fhorbairt agus an próiseas a leathnú amach go dtí suímh thíreolaíocha níos fairsinge
• cumas a shealbhú ar raon forásach pleananna, léarscáileanna agus cruinneog a thuiscint, a fhorbairt agus a úsáid
• cumas a fhorbairt ar eolas tíreolaíoch a shealbhú, a anailísiú agus a chur in iúl agus feidhm á baint as foinsí an-ilghnéitheacha ar a n-áireofar foirmeacha béil, scríofa agus grafacha, mionsamhlacha agus cruinneoga, teicneolaíocht an eolais agus meáin eile
• scileanna ealaíne, scileanna teanga agus scileanna matamaitice a leathnú, a thabhairt chun míneadais agus a chur i bhfeidhm
• a fhoghlaim gur gá do dhaoine acmhainní nádúrtha agus daonna an Domhain a roinnt lena chéile, a úsáid go tuisceanach agus a chaomhnú má tá an bheatha le bheith ann go buan
• mothálacht aeistéitiúil a fhorbairt i leith gnéithe nádúrtha agus daonna an imshaoil agus i leith na dtorthaí a leanann gníomhartha ndaonna
• foghlaim faoin ilghnéitheacht atá in Éirinn agus ar fud an domhain ó thaobh pobal, cultúr agus sochaithe agus meas a chothú uirthi; feasacht faoi chomhspleáchas daonna a ghnóthú agus ionbhá a chothú le daoine eile
• smaointeoireachtchruthaitheach nuálach a úsáid nuair a bhíonn saincheisteanna daonna agus imshaoil á n-iniúchadh nó á bhfuascailt, agus meas a chothú uirthi.
 
Clár ama
Moltar saChuraclam Athbhreithnithe (1999) go gcaithfear 3 uair/2 uair 15 ar OSIE chuile seachtaine. Is faoi dhiscréid an mhúinteora é conas mar a ghearrtar suas an t-am seo ó sheachtain go seachtain mar gheall ar comhtháthú idir na hábhair. Bheidís ag ceapadh, áfach, go gcaithfear 1 uair/45 nóiméad ar Thíreolas chuile sheachtain.


Riachtannaisí Speisialta:
Beidh na múinteoirí feasach do na páistí le difríochtaí aonair agus le fadhbanna foghlama. Má tá SNA bainteach leis an rang, cabhróidh sé/sí leis an bpáiste a bheith slán agus ar-tasc. Déanfaidh an múinteoir an churaclam a idirdhealú do riachtannaisí na páistí seo, mar shampla obair a dhéanamh ó bhéal nó an ríomhaire a úsáid.

Fearas:
Tá an fhearais tíreolaíochta comaidithe in áit lárnach atá slán sábháilte.Seo a leanas an fhearais atá sa scoil:
Léirscáileanna balla, cruinneoga, atlas bunscoile, Britannicia ar líne, DK Online cláracha seo don ríomhaire: Know your Ireland/ Europe as Gaeilge
Leabhair: 

Obair Bhaile:
Uaireanta, tugtar obair bhaile do na páistí más gá chun an téama/obair an lae a dhaingniú. Roghnóidh an múinteoir obair bhaile atá oiriúnach do leibhéal scile an pháiste.


Measúnú:
Tugaimid deis do na páistí féinmheasúnú a chleachtadh agus obair na bpáistí eile a mheas chomh maith.
Úsáidfimid breathnóireacht an mhúinteora mar príomh-mhodh measúnaithe sa tíreolas, in aonacht le obair an pháiste. Beidh an obair seo coinnithe i gcóipleabhair nó fillteáin an pháiste mar is oiriúnaí.
Spreagfaimid na paistí chun obair a chur i láthair ó bhéal ag úsáid ábhair pictiúrtha agus teicneolaíochta.

Rannphairtíocht Tuismitheoirí:
Nuair atá ábhair /eolas ag teastáil don cheacht tíreolaíochta, cuirfear ceist ar thuismitheoirí cabhrú leis na paistí é a fháil. Cabhróidh na tuistí freisin i dtionscnamh a thaighde agus a chur le chéile.
 

Ranganna Naíonáin
Foramharc
Forbairt scileanna agus coincheap

Tuiscint d'áit agus do spás
Tuiscint d'áit
Tuiscint do spás
Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha
Ag úsáid léirithe d'áiteanna
Scileanna imscrúdaithe tíreolaíochta
Ag ceistiú
Ag breathnú
Ag tuar
Ag imscrúdú agus ag tástáil
Ag meas agus ag tomhas
Ag anailísiú
Ag clárú agus ag cur in iúl
Forbrófar na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha thuas de réir mar a thugtar na snáitheanna agus na snáithaonaid den churaclam atá rianaithe thíos chun críche.


Snáitheanna   Snáithaonaid
Imshaoil dhaonna
Ag maireachtáil sa phobal áitiúil
Daoine agus áiteanna i gceantair eile
Imshaoil nádúrtha
An t-imshaol nádúrtha áitiúil
An aimsir
Pláinéad an Domhain sa spás
Feasacht agus cúram imshaoil
Ag tabhairt aire don dúiche timpeall orm






 
 
 

Ranganna Naíonáin
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma


Snáth: Imshaol daonna
Snáthaoinaid: Ag maireachtáil sa phobal áitiúil

Mo theaghlach agus an phobal
An scoil
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaoinaid: An Aimsir

A bhreathnú agus a phlé
Stor focail a bhaineann leis an aimsir

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Imshaol Nadúrtha
Snáthaonaid: An Aimsir

Cairt aimsire
Tionchar aimsire
Snáth: Imshaol Daonna
Snáthaoinaid: An Phobal Áitiúil

Daoine i mbun oibre
Daoine ag súgradh
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaonaid: Plainéad anDomhain sa spás

An ghrian, an gealach agus na réalta
Lá agus oíche

Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Imshaol Daonna
Snáthaoinaid: Daoine agus áiteanna i gceantair eile

Feasacht a chothú
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaoinaid: An aimsir

Oiriúnacht éadaí don aimsir

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Feasacht agus Cúram Imshaol
Snáthaoinaid: Cúram don dúiche timpeall orm

Saintréithe an t-imshaol áitiúil
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaoinaid: An Aimsir

Pátrúin séasuracha
Tionchar an aimsir

Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth: Imshaol Nadúrtha
Snáthaoinaid: Garthimpeallacht nascoile
Snáth: Imshaol Nadúrtha
Snáthaoinaid: Uisce



Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaoinaid: Torthaí a chlárú
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaonaid: Ábhair nádúrtha
Snáth: Imshaol Nádúrtha
Snáthaoinaid: An Aimsir

A bhreathnú agus a phlé



 
Ranganna 1 agus 2
Foramharc
Forbairt scileanna agus coincheap
            Tuiscint d'áit agusdo spás
            Tuiscint d'áit
            Tuiscint do spás
            Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha
            Ag úsáid pictiúr, léarscáileanna agus cruinneog
            Scileanna imscrúdaithe tíreolaíochta
            Ag ceistiú
            Ag breathnú
            Ag tuar
            Ag imscrúdú agus ag tástáil
            Ag meas agus ag tomhas
            Ag anailísiú
            Ag clárú agus ag cur in iúl
Forbrófar na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha thuas de réir mar a thugtar nasnáitheanna agus na snáithaonaid den churaclam atá rianaithe thíos chun críche.


 
Snáitheanna          Snáithaonaid

Imshaoil dhaonna
Ag maireachtáil sa phobal áitiúil
Daoine agus áiteanna i gceantair eile
Imshaoil nádúrtha
An t-imshaol nádúrtha áitiúil
An aimsir
Pláinéad an Domhain sa spás
Feasacht agus cúram imshaoil
Ag tabhairt aire don dúiche timpeall orm
Ranganna 1 agus 2
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma

Snáth
Snáthaonaid
Snáth
Snáthaonaid

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth
Snáthaonaid
Snáth
Snáthaonaid


Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth
Snáthaonaid
Snáth
Snáthaonaid

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth
Snáthaonaid
Snáth
Snáthaonaid

Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Ranganna 3 agus 4
Foramharc
Forbairt scileanna agus coincheap
Tuiscint d'áit agus do spás
Tuiscint d'áit
Tuiscint do spás
Léarscáileanna, cruinneogaagus scileanna grafacha
Ag úsáid pictiúr, léarscáileanna agus cruinneog


Scileanna imscrúdaithetíreolaíocha
Ag ceistiú
Ag breathnú
Ag tuar
Ag imscrúdú agus ag tástáil
Ag meas agus ag tomhas
Ag anailísiú
Ag clárú agus ag cur in iúl


Forbrófar na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha thuas de réir mar a thugtar na snáitheanna agus na snáithaonaid churaclaim atá rianaithe thíos chun críche.


Snáitheanna  Snáithaonaid
Imshaoil dhaonna
Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn i gceantar codarsnach in Éirinn
Daoine agus críocha eile
Lárionad sa chontae, sa réigiún agus sa tír
Le hiniúchadh trí ábhar as na fo-aonaid seo a roghnú
Daoine agus pobail
Gnéithe an imshaoil nádúrtha agus daoine
Lonnaíocht: bailte agus foirgnimh eile
Daoine i mbun oibre
Iompar agus cumarsáid

Daoine agus críocha eile
Imshaol i dtír Eorpach eile
Imshaol i dtír nach bhfuil san Eoraip

Lárionad sa chontae, sa réigiún agus sa tír

Imshaoil nádúrtha
An t-imshaol nádurtha áitiúil
Talamh, aibhneacha agus farraigí mo chontae
Carraigeacha agus ithreacha
Aimsir, aeráid agus aerbhrat
Pláinéad an Domhain sa spás

Feasacht agus cúram imshaoil
Feasacht imshaoil
Ag tabhairt aire don imshaol

Ranganna 3 agus 4
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:



Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth:
Snáthaonaid:
Snáth:
Snáthaonaid:


Ranganna 5 agus 6
Foramharc
            Forbairt scileanna agus coincheap
            Tuiscint d'áit agusdo spás
            Tuiscint d'áit
            Tuiscint do spás
            Léarscáileanna, cruinneogaagus scileanna grafacha
            Ag úsáid pictiúr, léarscáileanna agus mionsamhlacha
            Léarscáileanna agus cruinneoga

Scileanna imscrúdaithetíreolaíocha
            Ag ceistiú
            Ag breathnú
            Ag tuar
            Ag imscrúdú agus ag tástáil
            Ag meas agus ag tomhas
            Ag anailísiú
            Ag clárú agus ag cur in iúl
            Ag meastóireacht
Forbrófar na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha thuas de réir mar a thugtar na snáitheanna agus na snáithaonaid churaclaim atá rianaithe thíos chun críche.

Snáitheanna
Snáithaonaid

Imshaoil dhaonna
            Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
            Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn i gceantar codarsnach in Éirinn
            Le hiniúchadh trí ábhar as na fo-aonaid seo a roghnú
            Daoine agus pobail
            Gnéithe an imshaoil nádúrtha agus daoine
            Lonnaíocht: bailte agus foirgnimh eile
            Daoine i mbun oibre
            Iompar agus cumarsáid

Daoine agus críocha eile mar sh.  saol i dtír Eorpach eile
Imshaol i dtír nach bhfuil san Eoraip

Lárionad sa chontae, sa réigiún agus sa tír
Saincheisteanna trádála agus forbartha

Imshaoil nádúrtha
            An t-imshaol nádúrtha áitiúil
            Talamh, aibhneacha agus farraigí na hÉireann
            Gnéithe nádúrtha na hEorpa agus an domhain
            Carraigeacha agus ithreacha
            Aimsir, aeráid agus aerbhrat
            Pláinéad an Domhain sa spás

Feasacht agus cúram imshaoil
Feasacht imshaoil
Ag tabhairt aire don imshaol

Ranganna 5 agus 6
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Imshaoil Dhaonna
Snáthaoinaid: Lárionaid sa chontae, sa réigiún agus sa tír

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
• éirí feasach ar shuíomh chontaetha na hÉireann agus ar roinnt dá mbailte móra;
bunús a gcuid logainmneacha agus a mbrí thíreolaíoch


Snáth: Imshoil Nádúrtha
Snáthaoinaid: Talamh, aibhneacha agus farraigí na hEireann

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
• éirí eolach ar ainmneacha agus ar shuímh roinnt príomhghnéithe nádúrtha in Éirinn
sliabhraonta, aibhneacha, lochanna, bánna, cinn tíre, oileáin

Snath: Imshaoil Nádúrtha
Snathaonaid: Pláinéad an Domhan sa spás

An Domhan agus an ghrian
• suíomh na gréine agus í ag éirí, ag dul faoi agus ag tráthanna éagsúla den lá a bhreathnú agus a chlárú
• fad agus treo scáthanna, agus tréine sholas na gréine ag tráthanna éagsúla den bhliain,
a imscrúdú
• fad malartach laethanta agus oícheanta i rith na séasúr a bhreathnú
• tábhacht sholas na gréine mar fhoinse fuinnimh d’ainmhithe agus do phlandaí a thuiscint
• éirí feasach ar thionchar na gréine ar dhálaí aerbhrait
• éirí feasach ar a bhaolaí is atá solas na gréine don radharc agus don chraiceann
An Domhan, an ghealach agus angrianchóras
• a aithint gur ranna ar leith iad an Domhan,an ghealach, an ghrian, na pláinéid eile
agus a satailítí agus gur codanna den ghrianchóras iad
• buntuiscint ar an gcomhghaolmhaireacht atá idir na ranna seo a shaothrú, lá agus
oíche agus gluaiseachtaí séasúracha san áireamh
• roinnt bheag de na príomh-réaltbhuíonta a aithint an Béar Mór, an Réalta Thuaidh, Óiríon.

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Imshaoil Nádúrtha
Snáthaoinaid: Aimsir, aeráid agus aerbhrat

Faisnéisí aimsire
• fearas simplí a úsáid chun mionfhaisnéisí aimsire a dhéanamh agus feiniméin a
chlárú ,na príomhshaghsanna scamaill, néalbhrat,teocht, fliuchras nó frasaíocht nach é, neart
agus treo na gaoithe, brú atmaisféir (baraiméadar tí á úsáid)
• faisnéisí simplí aimsire a chlárú agus a léiriú ar bhealach córasach agus feidhm á
baint as grafanna, as cairteacha agus as samhailchomharthaí meitéareolaíocha
• anailísiú ar thaifeadtaí aimsire a úsáid chun cur síos simplí ar scamaill, ar mhéid an
néalbhrait, ar threo na gaoithe agus ar dhálaí eile a shamhlú le saghsanna áirithe
aimsire; fáistiní a dhéanamh agus a thástáil
• seanchas faoin aimsir a bhailiú, go háirithe traidisiúin agus eolas logánta


Aimsir agus aeráid
• patrúin aimsire i gcaitheamh na bliana sa dúiche máguaird a iniúchadh agus úsáid á
baint as a lán saghsanna scileanna, idir scileanna grafacha agus scileanna
anailíseacha
• tosú ar an difríocht idir aeráid agus aimsir a thuiscint
• roinnt feasachta a shaothrú faoi phatrúin aimsire in áiteanna eile in Éirinn agus faoi
na tosca a théann i gcion ar aeráid sa dúiche máguaird agus in Éirinn, airde, achar ón bhfarraige, achar ón Meánlíne, na gnáthghaotha, treoíocht
• an ghaolmhaireacht idir tosca aeráide agus gnéithe de thógáil foirgneamh a iniúchadh
foscadh, treoíocht, solas na gréine, insliú, síonchaitheamh
• éirí feasach ar thréithe roinnt príomhréigiún aeráide in áiteanna difriúla sa domhan
• an ghaolmhaireacht atá idir aeráid agus beatha phlandúil, ainmhíoch agus dhaonna a iniúchadh

An t-aerbhrat
• buntuiscint ar roinnt gnéithe atmaisféaracha a fhorbairt, nádúr an aerbhrait, airíonna an aeir
gluaiseachtaí domhanda na gaoithe,stoirmeacha agus tubaistí aimsire, timthriall an uisce, truailliú an aerbhrait.


Snáth: Feasacht agus cúram Imshaoil
Snáthaonaid: Feasacht Imshaoil

• léirthuiscint ar na bealaí ina n-úsáideann daoine acmhainní an Domhain a chothú, mianadóireacht, iascaireacht, foraoiseacht, talmhaíocht, gaoth, uisce, breoslaí ion-taiseacha nó fuinneamh eithneach á úsáid chun fuinneamh a ghiniúint, an t-imshaol á úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí fóillíochta amhábhair á bpróiseáil i ndéantúsaíocht
• léirthuiscint a ghnóthú ar an ngá atá le hachmainní an Domhain a chaomhnú.
• roinnt samplaí den chomhghaolmhaireacht atá idir aeráid, gnéithe aiceanta, plandaí,
ainmhithe agus beatha dhaonna in imshaoil dhifriúla in Éirinn agus i roinnt de phríomhréigiúin aeráide an domhain a iniúchadh sa gharthimpeallacht éiceachóras crainn, fáil sceach, srutháin in Éirinn, portaigh, sléibhte, Boireann, aibhneacha
i gceantair eile foraois bháistí, tailte féaraigh, fásach, tundra

Snáth: Imshaoil Nadurtha
Snáthaoinaid: Carraigeacha agus ithreacha

Carraigeacha
• roinnt gnáthcharraigeacha sa dúiche máguaird a bhailiú agus a aithint
• úsáid cloiche i bhfoirgniú agus i ngníomhaíochtaí daonna eile, go háirithe
sa dúiche máguaird a aithint agus a iniúchadh
• buntuiscint ar struchtúr an domhain a shaothrú, ag baint úsáide as téarmaí mar chroí, maintlín, screamh, plátaí na screimhe, sreabh laibhe, bolcán, crith talún
• foghlaim faoi thréithe roinnt de na gnáthchineálacha carraige agus faoi na háiteanna is féidir teacht orthu in Éirinn agus in áiteanna eile sa domhan, éirí feasach ar na príomhghrúpaí carriage (.i. bruthcharraig, carraig dhríodair, carraig mheiteamorfach) agus ar roinnt
gnáthchineálacha carraige (m.sh. eibhear, aolchloch, marmar)


Snáth: An t-imshaoil nádúrtha áitiúil
• na príomhghnéithe nádúrtha sa dúiche máguaird agus sa chontae a imscrúdú agus
foghlaim mar gheall orthu de ghnéithe ar nós sruthanna, aibhneacha, lochanna, cnoic,
droimníní, gleannta, sléibhte, ísealchríocha, tránna, línte cladaigh, aillte,
bánna, cinn tíre


Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Imshaoil Dhaonna
Snáthaoinaid: Daoine agus Críocha eile

• staidéar a dhéanamh ar roinnt gnéithe d’imshaoil agus de shaol daoine i suíomh
amháin in áit eile sa domhan nach bhfuil san Eoraip

• éirí feasach ar ghrúpaí éagsúla daoine sa domhan mór a bhfuil a gcúlraí difriúil ó thaobh cine, reiligiúin nó teanga

Snáthaonaid: saincheisteanna trádála agus forbairt
Trádáil
• saincheisteanna trádála a iniúchadh trí staidéar a dhéanamh ar roinnt príomhearraí
tráchtála an domhain

Snáth: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáthaoinaid: Ag tabhairt aire don imshaoil

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
• scrúdú a dhéanamh ar roinnt bealaí ina bhféadfaí imshaoil áitiúla agus imshaoil nach iad a fheabhsú nó a threisiú
• saincheist faoi imshaol áitiúil, faoi imshaol náisiúnta nó faoi imshaol domhanda a aithint agus a phlé



Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Scileanna agus coincheapa
Snáthaoinaid: cruinneoga agus scileanna grafacha

Léarscáileanna agus cruinneoga
• léarscáileanna, cruinneoga, grianghraif aerga, grianghraif shatailíte agus íomhánna cianbhraite eile a chur i gcomparáid
• eochairlínte domhanleithid agus domhanfhaid a aithint ar an gcruinneog an Meánchiorcal, Trópaicí an Phortáin agus an Ghabhair, an Ciorcal Artach agus an Ciorcal Antartach, Fadlíne Greenwich, an Líne Dáta Idirnáisiúnta, domhanleithead agus domhanfhad na hÉireann
• roinnt feasachta a shaothrú faoi na fadhbanna a bhaineann le déanamh léarscáileanna
an tionchar a bhíonn ag teilgin léarscáile éagsúla ar mhéid tíortha i leith a chéile, tábhacht peirspictíochta agus laofachta i ndéanamh léarscáileanna.

Snáth: Imshaoil dhaonna
Snáthaonaid: Lárionaid sa chontae sa réigiún agus sa tír

• éirí eolach ar ainmneacha agus ar shuímh phríomhchathracha an Aontais Eorpaigh
agus ar roinnt dá ngnéithe iomráiteacha

Snáth: Imshaoil Nádúrtha
Snathaonaid: Gnéithe fiseacha na hEorpa agus an Domhain

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
• foghlaim faoi líon beag de phríomhghnéithe nádúrtha na hEorpa, na hAlpa, an Réin, an Mheánmhuir
• éirí eolach ar ainmneacha agus ar gharshuímh líon beag de phríomhghnéithe
fisiceacha domhanda príomh-shliabhraonta (m.sh. na Sléibhte Carraigeacha, na Hiomalaetha), aibhneacha móra (an Níl, an Amasóin), fásaigh (m.sh. an Sahára, an Mórfhásach Astrálach), ilchríocha, aigéin.


Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth: Imshaoil dhaonna
Snáthaonaid: Daoine a Chonaíonn agus a shaothraíonn í gceantar codarsnacht in Eireann

Iompar agus cumarsáid
• foghlaim faoi mhodhanna iompair agus faoi bhealaí iompair sa dúiche máguaird agus i
gcuid chodarsnach d’Éirinn bóithre, iarnróid, aer, uisce, píblínte (m.sh.gás)
• éirí feasach ar bhuntáistí, ar mhíbhuntáistí agus ar ghnó na modhanna seo
• foghlaim faoi na modhanna cumarsáide atá ar fáil cumarsáid poist agus teileafóin,meáin leictreonacha (m.sh. satailítí, an t-idirlíon)
• éirí eolach ar obair na ndaoine a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí seo.

Snáth: Imshaoil dhaonna
Snáthaonaid: Daoine agus críocha eile

• staidéar a dhéanamh ar roinnt gnéithe d’imshaoil agus de shaol daoine i suíomh
amháin san Eoraip
• éirí feasach ar ghrúpaí éagsúla daoine san Eoraip a bhfuil a gcúlraí difriúil ó thaobh cine,
reiligiúin nó teanga


Snathaonaid: Saincheisteanna trádála agus forbartha
nó Forbairt agus cúnamh
• léirthuiscint cheart a ghnóthú ar an míchothromaíocht idir an domhan forbartha agus an domhan forásach
• roinnt de na saincheisteanna agus de na fadhbanna a bhaineann le cúnamh a
iniúchadh a thionchar ar an bhfaighteoir, teicneolaíocht chuí
• roinnt eolais a chur ar bhunús agus ar obair roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta agus
ar pháirtíocht na hÉireann iontu,
Ardchoimisiún na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (UNHCR)
na príomheagraíochta neamhrialtais (m.shTrócaire, an Chros Dhearg).
Snáithaonad Saincheisteanna trádála agus forbartha

Comhtháthú
Stair: Tréimhsí athraithe agus coimhlinte—Trádálaithe, taiscéalaithe agus coilínithe ón Eoraip, An Drochshaol,
Athruithe ar úinéireacht na talún in Éirinn sa naoú haois déag
Stair: Leanúnachas

Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Imshaoil dhaonna
Snáthaoinaid: Daoine a chonaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúl



Daoine agus pobail
• foghlaim faoi na daoine agus faoi na pobail a chónaíonn agus a shaothraíonn sa dúiche
máguaird.

Gnéithe an imshaoil nádúrtha agus daoine
• éirí feasach ar na gnéithe nádúrtha atá sa dúiche áitiúil agus ar an gcomhghaol atá acu
leis na daoine a chónaíonn sna háiteanna sin


Daoine i mbun oibre
• roinnt de phríomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha daoine sa dúiche máguaird
agus i gceantar codarsnach in Éirinn a iniúchadh agus a imscrúdú, go háirithe trí
mheán staidéar praiticiúil


Lonnaíocht: bailte agus foirgnimh eile
• príomhghnéithe an imshaoil fhoirgnithe sa dúiche áitiúil agus i gceantar codarsnach in
Éirinn a iniúchadh agus a imscrúdú agus léirthuiscint a ghnóthú orthu

Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn