Gaelscoil Eirne
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn

Plean Scoile
Gaelscoil Éirne
Ábhar: Stair

​Reamhrá
Bhí baint ag an bhfoireann iomlán i réiteach agus cur i bhfeidhm an phlean seo. Ta sé i gceist againn anphlean a cur i gcrích tríd síos an scoil mar ábhar leanúnach agus mar ábhar cuideachta do gach múinteoir.

Réasúnach
- Chun cur le múineadh agus le foghlaim tríd síos an scoil
- Chun druideadh le bealach foghlaime comhtháite sa Stair
- Ta an phlean seo scríofa in aonacht leis an gCuraclam Athbhreithnithe (1999)

Fís
Táimid ag iarraidh i nGaelscoil Éirne go mbeidh deis ag gach páiste a gcumas iomlán a shroichint. Táimid meabhrach go gcuireann an churaclam OSIE leis an gcumas seo. Tá sé i gceist againn go gcabhróidh an obair mar staraí a dhéanann na páistí leis seo. Cuirfidh ar chumas an pháiste féachaint ag an todhcaí agus an t-am i láthair a thuiscint tríd an am atá thart a thaisceál.


Aidhmeanna
Aontaíonn muid mar fhoireann leis nahaidhmeanna atá leagtha síos sa Churaclam Athbhreithnithe (1999):
• suim san am atá thart agus fiosracht faoi a fhorbairt
• fios a bheith ag an bpáiste faoi shaol ban, fear agus páistí san am atá thart agus faoin gcaoi ar imir daoine agus imeachtaí tionchar ar a chéile
• tuiscint ar choincheapa an athraithe agus an leanúnachais a fhorbairt
• soláthar a dhéanamh do shealbhú na gcoincheap agus na scileanna a bhaineann le seicheamh, le ham agus le cróineolaíocht, de réir mar a oireann do staid fhorásach an pháiste
• cur ar chumas an pháiste teacht ar réimhse fianaise stairiúla agus í a úsáid go córasach agus go criticiúil
• deiseanna a chur ar fáil don pháiste chun torthaí a c(h)uid fionnachtana sa stair maille lena léirmhíniú ar na torthaí sin a chur in iúl do dhaoine eile ar bhealaí éagsúla
• íogaireacht a chothú i leith tionchar an chaomhnaithe agus an athraithe sa timpeallacht áitiúil agus i dtimpeallachtaí níos leithne ná sin
• cabhrú leis an bpáiste tionchar an ama atá thart ar dhearcadh agus ar iompar daoine sa lá tá inniu ann a aithint agus a scrúdú
• toilteanas a chothú chomh fada is a bhaineann le dearcadh agus luachanna pearsanta a iniúchadh mar aon le hoscailteacht don fhéidearthacht go bhféadfadh duine a leagan amach féin a athrú
• an páiste a spreagadh lena aithint conas mar a d'fhéadfadh gníomhartha, imeachtaí agus ábhair an ama atá thart agus an lae inniu éirí tábhachtach ó thaobh na staire de
• curar cumas an pháiste léirthuiscint chothrom a fháil ar an oidhreacht chultúrtha agus staire a thagann ón gcomhthéacs áitiúil, náisiúnta agus domhanda.

Seo a leanas na cuspóirí ghinearálta (An Curaclam Athbhreithnithe,1999) a bhaineann le hoideachas tíreolaíochta:
Nuair a chuirtear na cumais atá ann/inti ó dhúchas agus tosca éagsúla a bhaineann leis/léi san áireamh, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam staire ar chumas an pháiste
• staidéar a dhéanamh ar raon daoine agus imeachtaí san am atá thart chun tuiscint chothrom a fhorbairt ar stair theaghlaigh, stair áitiúil, stair náisiúnta agus stair dhomhanda
• foghlaim faoi na daoine, na himeachtaí, na saincheisteanna agus na heispéiris chultúrtha a chuidigh leis an bpobal agus leis an dtimpeallacht áitiúil a mhúnlú
• tuiscint ar an gcróineolaíocht a fhorbairt chun daoine, imeachtaí agus topaicí a ndearnadh staidéar orthu a shuíomh i seicheamh ginearálta staire
• tuiscint éigin a shealbhú ar athrú agus ar leanúnachas, chomh maith le heolas ar dhálaí ba chúis le hathrú a thabhairt chun cinn nó a bhac, agus a thuiscint go bhféadfadh roinnt cúiseanna a bheith le himeachtaí agus roinnt torthaí a bheith orthu
• réimse d'fhianaise staire a scrúdú agus a úsáid go córasach agus go criticiúil agus teacht ar léirthuiscint gur féidir fianaise a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla
• samhlaíocht agus fianaise a úsáid chun gnéithe den am atá thart a athchruthú
• tuiscint stairiúil a chur in iúl ar bhealaí éagsúla trí úsáid a bhaint as an bhfriotal feiliúnach agus teicníochtaí nó meáin eile
• léirthuiscint a fhorbairt ar pheirspictíochtaí agus inspreagadh daoine san am atá thart agus glacadh leis gur cheart daoine agus imeachtaí a thuiscint ina gcomhthéacs stairiúil
• a thuiscint go bhféadfadh dearcadh agus iompar daoine a bheith faoi thionchar na tuisceana atá acusan ar an am atá thart agus a gcuid eispéireas san am atá thart
• glacadh le héagsúlacht tuairimí go caoinfhulangach measúil agus dearcadh oscailte ceisteach a shealbhú i leith creideamh, luachanna agus inspreagtha daoine eile
• caoinfhulaingt i leith mionlach sa tsochaí a fhorbairt mar aon leis an dtuiscint go bhfuil grúpaí éagsúla eitneacha, cultúrtha, reiligiúnda agus sóisialta tar éis cur le forás na hÉireann faoi mar atá sí anois ann
• mothú sainiúlachta ar bhonn pearsanta, áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus níos leithne a fhorbairt trí staidéar a dhéanamh ar stair agus oidhreacht chultúrtha an phobail áitiúil agus pobal eile
• mothúfreagrachta i leith chaomhnú na hoidhreachta a fhorbairt maille le fonn páirt a ghlacadh ann.

Clár Ama:
Moltar saChuraclam Athbhreithnithe (1999) go gcaithfear 3 uair/2 uair 15 ar OSIE chuile sheachtain. Is faoi dhiscréid an mhúinteora é conas mar a ghearrtar suas an t-am seo ó sheachtain go seachtain mar gheall ar comhtháthú idir na hábhair. Bheidís ag ceapadh, áfach, go gcaithfear 1 uair/45 nóiméad ar Stairchuile sheachtain.

Riachtannaisí Speisialta:
Beidh na múinteoirí feasach do na páistí le difríochtaí aonair agus le fadhbanna foghlama. Má tá SNA bainteach leis an rang, cabhróidh sí leis an bpáiste a bheith slán agus ar-tasc. Déanfaidh an múinteoir an churaclam a idirdhealú do riachtannaisí na bpáistí seo, mar shampla obair a dhéanamh ó bhéal nó an ríomhaire a úsáid.

Obair Bhaile:
Uaireanta, tugtar obair bhaile do na páistí más gá chun an téama/obair an lae a dhaingniú.Beidh tionscnamh ar siúil sna ranganna uaireanta chomh maith agus beidh ar na páistí roinnt taighde a dhéanamh sa bhaile.Roghnóidh an múinteoir obair bhaile atá oiriúnach do leibhéal scile an pháiste.


Measúnú:
Tugaimid deis do na páistí féinmheasúnú a chleachtadh agus obair na bpáistí eile a mheasadh chomh maith.
Úsáidfimid breathnóireacht an mhúinteora mar phríomh-mhodh measúnaithe sa Stair, in aonacht le obair an pháiste. Beidh an obair seo coinnithe i gcóipleabhair nó fillteáin an pháiste mar is oiriúnaí.
Spreagfaimid na paistí chun obair a chur i láthair ó bhéal ag úsáid ábhair pictiúrtha agus teicneolaíochta.

Rannphairtíocht Tuismitheoirí:
Nuair atá ábhair srl ag teastáil don cheacht Staire, cuirfear ceist ar thuismitheoirí cabhrú leis na paistí é a fháil. Cabhróidh na tuistí freisin i dtionscnamh a taighde agus a chur le chéile.

Ranganna Naíonáin
            Forbairt scileanna agus coincheap
            Ag obair mar staraí
            • Am agus cróineolaíocht
            • Fianaise a úsáid
            • Cur in iúl

Snáitheanna Snáithaonaid
Mise agus mo mhuintir • Mise
• Mo mhuintir
Scéalaíocht • Scéalta

Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Mise agus Mo Mhuintir
Snáthaonaid: Mise
Na baill beatha
Mé ag fás suas
Fianaise simplí a bhailiú
Rudaí úsáideadh ag aoiseanna éagsúla a chur i gcomparáid
Snáth: Mise agus mo mhuintir
Snáthaonaid: Mo Mhuintir
Baill na muintire a aithint
Aoiseanna a chur i gcomparáid
Forbairtí I saol na muintire a phlé
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaonad: Scéalta
As saol daoine éagsúla

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaoinaid: Scéalta
As saol daoine éagsúla
Eolas ar shaol gnáthdaoine
Eolas ar shaol daoine cáiliúla (Daidí na Nollag, An leanbh Íosa srl)
Cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé
Pictiúir a thaispeáint i líne scéalaíocht


Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaoinad: Scéalta
Faoin am atá thart
Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaoinaid: Scéalta
Scéalta a léiriú


Cáisc-Lá Saoire Bainc (Bealtaine)
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaoinad: Scéalta
Line scéalaíochta


Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Mise agus mo mhuintir
Snáthaonaid: Mo mhuintir
An chaoi a thugann baill na muintire aire dá chéile
Forbairtí i saol na muintire
Snáth: Mise agus mo mhuintir
Snáthaonaid: Mise
Cur síos a dhéanamh orthu féin
 
Ranganna 1 agus 2
Foramharc
Forbairt scileanna agus coincheap

  • Ag obair mar staraí
  • Am agus cróineolaíocht
  • Athrú agus leanúnachas
  • Cúis agus iarmhairt
  • Fianaise a úsáid
  • Sintéisiú agus cur in iúl
  • Ionbhá
Snáitheanna Snáithaonaid
Mise agus mo mhuintir
  • Mise
  • Mo mhuintir
  • Nuair a bhí mo sheanaithreacha/ sheanmháithreacha óg
  • Cluichí san am atá thart
  • Féastaí agus féilte san am atá thart
  • Athrú agus leanúnachas
  • Leanúnachas agus athrú sa gharthimpeallacht
  • Story
  • Scéalta



 
 
Ranganna 1 agus 2
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Mise agus mo Mhuintir
Snáthaonaid: Mise

• Laethanta breithe mar a d’athraigh mé de réir mar a d’fhás mé suas.
• Mo chéad la ar scoil nó sa rang seo.

Snáth: Mise agus mo Mhuintir
Snáthaonaid: Mo Mhuintir

• Gnéithe, ócaidi agus dataí tabhachtacha í saol an teaghlaigh agus na muintire san am ata thart a fhiosru agus a thaifeadadh.

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth:  Scéalaíocht
Snáthaonaid: scéalta

• éisteacht le scéalta a n-insint go simplí as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtai teicneolaíocha, eolaíochta, culturtha agus ealaionta.
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaonaid: Scéalta

• Cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé
• Línte ama cuí a úsáid
• Scéalta a leiriú
• Scríbhneoireachta simplí, oibre ealaine, dramaíochta, no míme.
• Eolas ar shaol daoine cáiliúla

Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Athrú agus Leanúnachas
Snáthaoinaid: Leanúnachas agus athrú sa gharthimpeallacht

• Cuairt a thabhairt ar ghnéithe sa gharthimpeallacht a léiríonn leanúnachas agus athrú, iad a fhiosrú agus feasacht orthu a bhunú.

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Mise agus mo mhuintir
Snáthaonaid: Cluichí san am atá thart

• cluichí traidisiúnta nemhfhormiúla a fhiosrú agus a thaifeadadh.
• Eolas a bhaint faoi rialacha, thraidisiúin, amhráin nó rain a bhaineann leis na cluichí.

Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth: Mise agus Mo Mhuintír
Snáthaonaid: Féastaí agus féilte san am atá thart

• An bunús agus na traidisiúin a bhaineann le roinnt féilte coitianta a fhiosrú agus a phlé

Lá Saoire Bainc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Mise agus mo Mhuintír
Snáthaonaid: Mo Mhuintir

• Ocáidí nó imeachtaí tábhachtacha i saol an teaghlaigh a phlé agus a thaifeadadh
Snáth: Scéalaíocht
Snáthaonaid: scéalta
• Gníomhartha agus mothúcháin pearsan a phlé
• Eolas a chur ar shaol bean, fear agus páistí ó chúlraí eágsula sóisialta, cultúrtha,eitneacha agus reiligiúnacha, saol gnáthdhaoine chomh maith le saol daoine níos cáiliúla.

Ranganna 3 agus 4
Foramharc

Forbairt scileanna agus coincheap
Ag obair mar staraí
• Am agus cróineolaíocht
• Athrú agus leanúnachas
• Cúis agus iarmhairt
• Fianaise a úsáid
• Sintéisiú agus cur in iúl
• Ionbhá

Snáitheanna Snáithaonaid
Staidéir áitiúla

• Mo mhuintir
• Áitribh
• Mo scoil
• Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart
• Féastaí agus féilte san am atá thart
• Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar
• Mo cheantar trí na haoiseanna
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Scéalaíocht

• Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart
• Miotais agus finscéalta
Ba chóir roinnt scéalta a iniúchadh gach bliain.
Pobail agus sochaithe ársa

Staidéar a dhéanamh ar chuid acu seo:
• Pobail na Clochaoise
• Pobail na Cré-umhaoise
• Sochaithe ársa Ghleann na Tígrise agus na hEofraite
• Na hÉigiptigh
• Na Gréagaigh
• Na Rómhánaigh
• Na Ceiltigh
• Éire Luath-Chríostaí
• Na Lochlannaigh agus ar chuid acu seo:
• Pobail Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas m.sh. na hAistéicigh
• Pobail na hÁise m.sh. Pobail Ghleann na hIondúise, na hImpireachtaí Ch'in agus Han sa tSín
• Pobail na hAfraice m.sh. Pobail Bheinin
• Pobail Mheiriceá Thuaidh m.sh. Pobail Dhúchasacha Mheiriceá
• Pobail Astraláiseacha m.sh. na Maoraigh
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart

• An saol in Éirinn i rith tréimhse na Normannach
• An saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na Meánaoise
• An saol san ochtú haois déag
• An saol sa naoú haois déag
• An saol le linn an Dara Cogadh Domhanda
• An saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise i leith
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Leanúnachas agus athrú le himeacht ama

Ar na haonaid a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá:
• Bia agus feirmeoireacht
• Éadaí
• Áitribh agus tithe
• Iompar
• Cumarsáid
• Siopaí agus aontaí
• Scoileanna agus oideachas
• Cúram na n-easlán
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.







Ranganna 3 agus 4
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Staidéir Áitiúla
Snáthaonaid: Mo Mhuintir


• gnéithe de stair a m(h)uintire féin nó de stair mhuintire duine éigin ar a bhfuil
aithne aige/aici a iniúchadh
• athruithe agus samplaí de leanúnachas I saol na dtuismitheoirí agus na seanaithreacha/seanmháithreacha a scrúdú
• raon d’fhianaise shimplí staire a bhailiúagus a úsáid
• torthaí fionnachtana a chur i láthair, ag baint leasa as meáin éagsúla mar aon le
línte ama cuí.

Snáth: Scéalaíocht
Snáthaonaid: Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart.

• éisteacht le raon scéalta as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtaí teicneolaíocha,eolaíocha, cultúrtha agus ealaíonta, chomh maith le scéalta as saol daoine a chuir le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla; na scéalta sin a phlé, a athinsint agus a chlárú
• eolas a chur ar shaol ban, fear agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha,
eitneacha agus reiligiúnacha, saol‘ gnáthdhaoine’ san áireamh, chomh maith le saol daoine atá ‘níos cáiliúla’
• éisteacht le daoine as an áit ag insint scéalta faoin saol a chaith siad

Snáth: Pobail agus sochaithe ársa
Snáthaonaid: Pobail na Clochaoise

Pobail na Cré-Umhaoise
• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo cárbh as dóibh a dtailte dúchais a n-ionaid chónaithe, bia agus cócaireacht, éadaí, obair agus teicneolaíochtaí, airm an méid ar éirigh leo a bhaint amach ó thaobh an chultúir agus na n-ealaíon de miotais agus scéalta
creideamh fóillíocht agus caitheamh aimsire, nósanna adhlactha, naisc a bhí acu le hÉirinn agus leis an Eoraip (mar a bhíonn feiliúnach) teacht na bpobal seo go hÉirinn, iad ag cur
fúthu anseo, a saol anseo

Snáth: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart.
Snáthaonaid: An saol in Éirinn í rith thréimhse na Normannach.

• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo, a n-ionaid chónaithe, éadaí, feirmeoireacht, bia agus cócaireacht, teicneolaíochtaí a d’fhorbair agus a d’úsáid
daoine, daoine i mbun oibre, uirlisí agus airm,teanga(cha), cultúr, ealaín agus ceol, fóillíocht agus caitheamh aimsire, scéalta faoi dhaoine aonair a bhain leis an tréimhse seo





Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Leanúnachas agus athrú le himeacht ama.
Snáthaonaid: Ar na haonaid a d’fhéádfaí a chur san áireamh, tá Bia agus Feirmeoireacht, Siopaí agus Aontaí.

• staidéar a dhéanamh ar dhul chun cinn sóisialta, ealaíne, teicneolaíocha agus
eolaíocha, thar thréimhsí fada
• rudaí a d’athraigh agus rudaí a d’fhan mar a bhí a aithint ar an ‘líne fhorbartha’
• cuid de na cúiseanna ba bhun le hathrú nó a chuir le hathrú a chosc a aithint
• tagairt a dhéanamh do línte ama cuí nó iada úsáid.


Snáth: Staidéir Áitiúla
Snáthaonaid: Áitribh

• na hathruithe atá tagtha ar a (h)áitreabh féin mar aon le háitribh eile sa cheantar a
iniúchadh
• rudaí a d’athraigh agus rudaí a d’fhan mar a bhí siad a phé le seandaoine
• seandéantúsáin a bhailiú nó a phlé
• torthaí fionnachtana a chur i láthair, ag baint leasa as meáin éagsúla mar aon le
línte ama cuí.


Snáth: Scéalaíocht
Snáthaonaid: Miotais agus finscéalta

• éisteacht le raon miotas agus finscéalta ó chúlraí éagsúla cultúrtha, eitneacha agus
creidimh in Éirinn agus i dtíortha eile, iad a phlé, a athinsint, agus a thaifeadadh
• cróineolaíocht na n-imeachtaí sna scéalta a phlé
• gníomhartha agus mothúcháin na bpearsana phlé

Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Pobail agus sochaithe ársa
Snáthaonaid: Na Ceiltigh agus Na Lochlannaigh

• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo,cárbh as dóibh, a dtailte dúchais
a n-ionaid chónaithe,bia agus cócaireacht, éadaí, obair agus teicneolaíochtaí, airm
an méid ar éirigh leo a bhaint amach ó thaobh an chultúir agus na n-ealaíon de, miotais agus scéalta, creideamh,fóillíocht agus caitheamh aimsire, nósanna adhlactha, naisc a bhí acu le hÉirinn agus leis an Eoraip (mar a bhíonn feiliúnach), teacht na bpobal seo go hÉirinn, iad ag cur fúthu anseo, a saol anseo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí.
 

Snáth: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart.
Snáthaonaid: An saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip í rith na Meánaoise.

• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo a n-ionaid chónaithe,éadaí,feirmeoireacht, bia agus cócaireacht,teicneolaíochtaí a d’fhorbair agus a d’úsáid daoine, daoine i mbun oibre, uirlisí agus airm, teanga(cha), cultúr, ealaín agus ceol
fóillíocht agus caitheamh aimsire, scéalta faoi dhaoine aonair a bhain leis an
tréimhse seo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí

Snáth: Leanúnachas agus athrú le himeacht ama.
Snáthaonaid: Áitribh agus tithe. Scoileanna agus oideachas

• staidéar a dhéanamh ar dhul chun cinn sóisialta, ealaíne, teicneolaíocha agus eolaíocha, thar thréimhsí fada
• rudaí a d’athraigh agus rudaí a d’fhan mar a bhí a aithint ar an ‘líne fhorbartha’
• cuid de na cúiseanna ba bhun le hathrú nó a chuir le hathrú a chosc a aithint
• tagairt a dhéanamh do línte ama cuí nó iad a úsáid.

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Staidéir Áitiúla
Snáthaonaid: Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh

• gnéithe den timpeallacht áitiúil a iniúchadh go gníomhach
• gnéithe éagsúla de na láithreáin sin a imscrúdú
• torthaí fionnachtana a chur i láthair, ag baint leasa as meáin éagsúla agus línte ama cuí

Snáth: Pobail agus sochaithe ársa
Snáthaonaid: Na hÉigiptigh, Na Gréagaigh nó Na Rómhánaigh

• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí.

Snáth: Saol, sochaí, obair aguys cultúr san am atá thart.
Snáthaonaid: An saol san ochtú haois déág

An saol sa naoú haois déag
• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí

Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth: Leanúnachas agus athrú le himeacht ama.
Snáthaonaid: Éadaí agus Iompar

• staidéar a dhéanamh ar dhul chun cinn sóisialta, ealaíne, teicneolaíocha agus eolaíocha, thar thréimhsí fada
• rudaí a d’athraigh agus rudaí a d’fhan mar a bhí a aithint ar an ‘líne fhorbartha’
• cuid de na cúiseanna ba bhun le hathrú nó a chuir le hathrú a chosc a aithint
• tagairt a dhéanamh do línte ama cuí nó iad a úsáid.

Snáth: Staidéir Áitiúla- Mo scoil
Snáthaonaid: Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart.

• eolas a chur ar roinnt cluichí agus caitheamh aimsire a mbaintí taitneamh astu sa cheantar
• cluichí agus caitheamh aimsire ar bhain tuismitheoirí agus seanaithreacha/seanmháithreacha taitneamh astu san am atá thart a iniúchadh agus a phlé
• eolas éigin a fháil faoi chluichí agus chaitheamh aimsire ar bhain páistí i sochaithe ársa agus i dtíortha eile taitneamh astu.

Snáth: Pobail agus sochaithe ársa.
Snáthaonaid: Pobail Mheiriceá Láir agus Theas, Pobail na hAfraice

• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go
háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí.


Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Saol, Sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
Snáthaonaid: An saol le linn an Dara Cogadh Domhanda.

An Saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise í leith.

• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí.


Snáth: Staidéir Áitiúla
Snáthaonaid: Féasta agus féílte san am atá thart

• eolas a chur ar an mbunús agus ar na traidisiúin a bhaineann le roinnt féilte coitianta in Éirinn agus i dtíortha eile
• searmanais, scéalta, finscéalta, filíocht, ceol,damhsaí agus cluichí a bhaineann leis na féilte sin a iniúchadh, a phlé, agus a thaifeadadh

Snáth: Pobail agus sochaithe ársa
Snáthaonaid: Pobail Thuaisceart Mheiriceá

Pobail na hAsrtaláis
• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo
• eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go
háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
• ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí


Ranganna 5 agus 6
Foramharc
Forbairt scileanna agus coincheap
Ag obair mar staraí

            • Am agus cróineolaíocht
            • Athrú agus leanúnachas
            • Cúis agus iarmhairt
            • Fianaise a úsáid
            • Sintéisiú agus cur in iúl
            • Ionbhá

Snáitheanna Snáithaonaid
Staidéir áitiúla
• Áitribh
• Scoileanna
• Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart
• Féastaí agus féilte san am atá thart
• My locality through the ages
• Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar
• Mo cheantar trí na haoiseanna
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Scéalaíocht
• Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart
• Miotais agus finscéalta
Ba chóir roinnt scéalta a iniúchadh gach bliain.

Pobail agus sochaithe ársa
Staidéar a dhéanamh ar chuid acu seo:
• Pobail na Clochaoise
• Pobail na Cré-umhaoise
• Sochaithe ársa Ghleann na Tígrise agus na hEofraite
• Na hÉigiptigh
• Na Gréagaigh
• Na Rómhánaigh
• Na Ceiltigh
• Éire Luath-Chríostaí
• Na Lochlannaigh
• Pobail Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas m.sh. na hAistéicigh
• Pobail na hÁise m.sh. Pobail Ghleann na hIondúise,na hImpireachtaí Ch'in agus Han sa tSín
• Pobail na hAfraice  m.sh. Pobail Bheinin
• Pobail MheiriceáThuaidh m.sh. Pobail Dhúchasacha Mheiriceá
• Pobail Astraláiseacha m.sh.na Maoraigh

Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
• An saol in Éirinn i rith thréimhse na Normannach
• An saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na Meánaoise
• An saol san ochtú haois déag
• An saol sa naoú haois déag
• Teanga agus cultúr in Éirinn ag deireadh na naoú haoise déag agus ag tús na fichiú haoise
• An saol i rith an Dara Cogadh Domhanda
• An saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise i leith
Ba chóir snáithaonad amháin a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
• An Renaissance
• An Reifirméisean
• Trádálaithe, taiscéalaithe agus coilínigh ón Eoraip
• An Gorta Mór
• An Réabhlóid Thionsclaíoch
• An t-athrú in úinéireacht na talún in Éirinn sa naoú haois déag
• An t-athrú i rólanna na mban sa naoú haois déag agus san fichiú haois
• An Chéad Chogadh Domhanda
• Éire nua-aoiseach
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí
• Éire sa séú agus sa seachtú haois déag
• Réabhlóid agus athrú i Meiriceá, sa Fhrainc agus in Éirinn
• Ó Conaill agus Saoirse na gCaitliceach
• 1916 agus bunú an stáit
• Tuaisceart Éireann
• Éire, an Eoraip agus an Domhan ó 1960 i leith
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.



Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
Ar na haonaid a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá:
• Áitribh, forbairtí tithíochta agus uirbeacha
• Fánaíocht
• Bia agus feirmeoireacht
• Éadaí
• Iompar
• Cumarsáid
• Fuinneamh agus cumhacht
• Ceardlanna agus monarchana
• Scoileanna agus oideachas
• Litríocht, ealaín, ceardaíocht agus cultúr
• Cúram na n-easlán
• Babhtáil, trádáil agus airgead
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Stair Ranganna 5 agus 6
Meán Fomhair- Briseadh Leath Téarma


Snáithe: Scéalaíocht
Snáithaonad: Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart

• éisteacht le raon leathan scéalta as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtaí teicneolaíocha, eolaíocha, cultúrtha agus ealaíonta, chomh maith le trína bheith ag cur le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla; na scéalta sin a phlé, a athinsint agus a thaifeadadh
• eolas a chur ar an saol a bhí ag mná, fir agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha, eitneacha, agus creidimh, saol 'gnáthdhaoine' san áireamh, chomh maith le daoine atá 'níos cáiliúla'
• éisteacht le daoine as an áit ag insint scéalta faoin saol a chaith siad
• cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé
• píosaí simplí fianaise a bhfuil baint acu le hábhar a scrúdú agus tosú ar thátail a bhaint astu
• gníomhartha agus mothúcháin phearsan a phlé
• dearcadh agus inspreagadh pearsan a phlé ina gcomhthéacs stairiúil
• scéalta a léiriú nó a thaifeadadh trí iad a insint, a scríobh, nó trí obair ealaíne, dhrámaíocht, mhím nó ghluaiseacht agus trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid
• línte ama cuí a úsáid.

Snáithe: Stáidéir áitiúla
Snáithaonad: Scoileanna

• staidéar a dhéanamh ar fhorbairt na scoile thar thréimhse
• stair na scoile a cheangal le stair an oideachais sa pharóiste nó sa cheantar áitiúil scoileanna filíochta scoileanna in aimsir na bPéindlíthe i dtús na hochtú haoise déag,scoileanna táille (scoileanna scairte) san ochtú nó sa naoú haois déag,scoileanna nua-aimseartha eile
• stair na scoile a iniúchadh i gcomhthéacs fhorbairt an oideachais in Éirinn,córas na scoileanna náisiúnta, obair na n-ord rialta,ábhar curaclaim agus trealamh scoile
• úsáid a bhaint as foinsí scríofa agus as foinsí eile,taifid scoile (m.sh. leabhair rollaí, leabhair phionóis, tuairiscí cigirí) seanchas iardhaltaí agus ball den fhoireann grianghraif scoile, litreacha, billí, admhálacha, dialanna, taifid an pharóiste (d'fhéadfadh tagairtí luachmhara do scoileanna a bheith iontu seo) tuairiscí sna nuachtáin áitiúla (faoi scoil, nó méadú uirthi, a bheith á hoscailt) tuairiscí clóbhuailte oifigiúla (go háirithe tuairiscí rialtais ón naoú haois déag ar staid an oideachais in Éirinn).

Snáithaonad: Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar
• gnéithe den timpeallacht áitiúil a iniúchadh go gníomhach; d'fhéadfaí a leithéidí seo a leanas a chur san áireamh: sráid-dreach (stíleanna agus gnéithe tógála, troscán sráide) achar baile mhóir nó sráidbhaile, láthair thionscail (m.sh. monarchana, muilte) canáil áitiúil, droichid, gréasáin bhóithre, iarnróid, fothraigh (m.sh. túrtheach) láthair sheanmhainistreach, reilig nó cill,cosán Aifrinn, carraig Aifrinn, tobar beannaithe, láthair réamhstairiúil (m.sh. ráth, tuama ursanach) clós feirme, gréasáin pháirceanna agus feirmeacha
teach mór, tithe na dtionóntaí, teach oighir, teach allais, láithreacha catha, cearta slí áitiúla


Snáithe: Pobail agus sochaithe ársa
Snáithaonaid: cuid acu seo

Pobail na Clochaoise
Pobail na Cré-umhaoise
Sochaithe luatha Ghleannta na Tígrise agus na hEofraite Na hÉigiptigh
Na Gréagaigh
Na Rómhánaigh
Na Ceiltigh
Éire Luath-Chríostaí
Na Lochlannaigh
agus cuid acu seo:


Pobail Mheiriceá Láir agus Theas m.sh. na hAistéicigh
Pobail na hÁise m.sh. pobail Ghleann na hIondúise, nahImpireachtaí Ch'in agus Han sa tSín
Pobail na hAfraice m.sh. Pobail Bheinin
Pobail Thuaisceart Mheiriceá m.sh. Pobail Dhúchasacha Mheiriceá
Pobail na hAstraláise m.sh. na Maoraigh
• eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seo cárbh as dóibh a dtailte dúchais agus a n-imircí áitribh, lonnaíochtaí agus forbairtí uirbeacha, bia agus cócaireacht, éadaí, obair agus teicneolaíochtaí, uirlisí agus airm, an méid ar éirigh leo a bhaint amach ó thaobh an chultúir agus na n-ealaíon de teanga, miotais agus scéalta, fóillíocht agus caitheamh aimsire, creideamh agus gnásanna diaganta nósanna adhlactha, naisc le hÉirinn agus leis an Eoraip (mar a bhíonn feiliúnach), teacht na bpobal seo go hÉirinn, iad ag cur fúthu anseo, a saol anseo (mar a bhíonn feiliúnach) gaolmhaireacht na ndaoine seo le sibhialtachtaí eile an oidhreacht a d'fhág na daoine seo ina ndiaidh
• eolas a chur ar an bhfianaise a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe aon fhianaise fúthu atá ar fáil go háitiúil agus in Éirinn más cuí, agus an fhianaise sin a scrúdú go criticiúil
• ionaid na bpobal seo a chlárú ar línte ama cuí.

Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáithe: Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
Snáithaonaid: Rogha as:

An Renaissance
An Reifirméisean
Trádálaithe, taiscéalaithe agus coilínigh ón Eoraip
An Gorta Mór
An Réabhlóid Thionsclaíoch


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
• eolas a chur ar ghnéithe de na tréimhsí seo, bealaí inar athraigh gnáthshaol laethúil na ndaoine athruithe agus coimhlintí i smaointe agus i gcreideamh daoine,cúiseanna leis na hathruithe agus leis na coimhlintí sin, daoine, eagraíochtaí agus tarlúintí a raibh baint acu le hathrú a chur i gcrích nó a chuir iad féin in oiriúint d'athrú saoil, fianaise áitiúil ar athruithe agus ar choimhlintí, freagairt daoine d'athruithe agus do shaincheisteanna a bhain dóibh,
tionchair fhadtéarmacha athruithe agus coimhlintí
• fianaise a thugann eolas dúinn faoi shaol daoine sna tréimhsí a mbeadh staidéar á dhéanamh orthu, faoina gcuid smaointe agus faoina n-ábhair bhuartha a scrúdú agus eolas a chur uirthi, go háirithe fianaise a bheadh le fáil go háitiúil
• ionaid daoine agus imeachtaí a thaifeadadh ar línte ama feiliúnacha.

Snáithe: Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí
Snáithaonaid: Rogha as:

Snáithe: Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí
Rogha as:
Éire sa séú agus sa seachtú haois déag
Réabhlóid agus athrú i Meiriceá, sa Fhrainc agus in Éirinn


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
• staidéar simplí a dhéanamh ar chuid de na gnéithe is tábhachtaí de na tréimhsí inar tharla athruithe nó gluaiseachtaí polaitiúla a raibh tionchar tábhachtach acu ar shaol daoine in Éirinn
• roinnt eolais a shealbhú ar na daoine nó ar na himeachtaí ba mhó le rá sna tréimhsí sin
• dearcadh, creideamh, inspreagadh agus gníomhartha daoine agus grúpaí éagsúla san am atá thart a iniúchadh, a phlé agus a chur i gcomparáid le chéile agus tuiscint shimplí orthu a fhorbairt
• tosú a theacht ar thuiscint ar leagan amach agus dearcadh na nglún a chuaigh romhainn
an tuiscint gur thar thréimhse ama a tháinig coincheap na caoinfhulaingthe chun cinn agus gur thar thréimhse ama a thiocfadh an coincheap chun cinn nach mór caitheamh le daoine ar bhonn cothroime
• léargas a fháil ar dhearcadh agus ar ghníomhartha daoine in Éirinn na linne seo
• tuiscint a fhorbairt d'fhéiniúlacht phearsanta, náisiúnta agus Eorpach, mar aon le féiniúlacht níos leithne.

Snáithe: Leanúnachas agus athrú thar am
Snáithaonaid: Ar na haonaid a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá:

• Áitribh, forbairtí tithíochta agus uirbeacha
• Fánaíocht
• Bia agus feirmeoireacht
• Éadaí
• Iompar
• Cumarsáid
• Fuinneamh agus cumhacht
• Ceardlanna agus monarchana
• Scoileanna agus oideachas
• Litríocht, ealaín, ceardaíocht agus cultúr
• Cúram na n-easlán
• Babhtáil, trádáil agus airgead
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáithe: Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
Snáithaonaid: Éire timpeall 1900

An t-athrú i rólanna na mban sa naoú haois déag agus san fhichiú haois
• An Chéad Chogadh Domhanda

Snáithe: Polaitaíocht, coimhlint agus an tsochaí
Snáithaonaid: 1916 agus bunú an stáit

An cogadh cathartha in Éireann
• dearcadh, creideamh, inspreagadh agus gníomhartha daoine agus grúpaí éagsúla san am atá thart a iniúchadh, a phlé agus a chur i gcomparáid le chéile agus tuiscint shimplí orthu a fhorbairt
• tosú a theacht ar thuiscint ar leagan amach agus dearcadh na nglún a chuaigh romhainn,
an tuiscint gur thar thréimhse ama a tháinig coincheap na caoinfhulaingthe chun cinn agus gur thar thréimhse ama a thiocfadh an coincheap chun cinn nach mór caitheamh le daoine ar bhonn cothroime
• léargas a fháil ar dhearcadh agus ar ghníomhartha daoine in Éirinn na linne seo
• tuiscint a fhorbairt d'fhéiniúlacht phearsanta, náisiúnta agus Eorpach, mar aon le féiniúlacht níos leithne.

Cáisc-Lá saoire Banc (Bealtaine)

Snáithe: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
Snáithaonaid: An saol i rith an Dara Cogadh Domhanda

• fianaise a thugann eolas dúinn ar shaol na ndaoine sna tréimhsí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu, a smaointe agus a n-ábhair bhuartha a scrúdú agus eolas a chur uirthi, go háirithe fianaise a bhféadfaí teacht uirthi go háitiúil
• ionad daoine agus imeachtaí a thaifeadadh ar línte ama feiliúnacha.


Snáithe: Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí
Snáithaonaid: Tuaisceart Éireann

• Tosú a theacht ar thuiscint ar leagan amach agus dearcadh na nglún a chuaigh romhainn
an tuiscint gur thar thréimhse ama a tháinig coincheap na caoinfhulaingthe chun cinn agus gur thar thréimhse ama a thiocfadh an coincheap chun cinn nach mór caitheamh le daoine ar bhonn cothroime
• léargas a fháil ar dhearcadh agus ar ghníomhartha daoine in Éirinn na linne seo


Snáithe; Polaitaíocht, coimhlint agus an tsochaí
Snáithaonaid: Éire, an Eoraip agus an Domhan ó 1960 í Leith.

   tuiscint a fhorbairt d'fhéiniúlacht phearsanta, náisiúnta agus Eorpach, mar aon le féiniúlacht níos leithne.


Lá Saoire Banc(Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáithe: Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
Snáithaonaid: Éire nua-aoiseach

• fianaise a thugann eolas dúinn faoi shaol daoine sna tréimhsí a mbeadh staidéar á dhéanamh orthu, faoina gcuid smaointe agus faoina n-ábhair bhuartha a scrúdú agus eolas a chur uirthi, go háirithe fianaise a bheadh le fáil go háitiúil
• ionaid daoine agus imeachtaí a thaifeadadh ar línte ama feiliúnacha.


Snáithe: Staidéir áitiúla
Snáithaonaid: Áitribh

• áitribh éagsúla sa cheantar a chur i gcomparáid le chéile agus a chlárú (áitribh ó thréimhsí éagsúla ab fhearr) méid agus leagan amach, ábhair thógála, maisiú, troscán agus fearas, teas, solas, séarachas, soláthar uisce,timpeallacht (m.sh. sráid, ceap árasán, eastát, gairdín, páirceanna, crainn, coillte, spásanna súgartha)
• éagsúlachtaí nó cosúlachtaí áitiúla nó réigiúnda sa stíl tógála nó sna hábhair thógála a fhiosrú
• aon cheangal a bheadh idir aois tithe agus an láthair ar a bhfuil siad suite a fhiosrú
• earraí nó lámhdhéantúsáin tí a bhailiú agus a thaifeadadh agus staidéar a dhéanamh orthu.
Comhtháthú
Tíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
Snáithaonaid: Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart
• eolas a chur ar ghnéithe de stair cluichí sa cheantar cluichí agus imeachtaí spóirt san am atá thart forbairt na hiománaíochta, na camógaíochta, na peile Gaelaí, spóirt idirnáisiúnta mar leadóg, haca, sacar, rugbaí agus galf a theacht isteach
• gnéithe de spéiseanna fóillíochta agus de chluichí mhuintir na háite san am atá thart a iniúchadh,cluichí cláir, cluichí cártaí, cluichí sráide,bothántaíocht agus scéalaíocht,an phictiúrlann, raidió agus teilifís.


Snáithaonaid: Féastaí agus féilte san am atá thart
• eolas a chur ar bhunús raonta d'fhéilte in Éirinn agus i dtíortha eile agus ar na traidisiúin a bhaineann leo féastaí agus féilte áitiúla féastaí agus féilte a chomórann baill éagsúla
den scoil agus den phobal áitiúil, féilte Críostaí, Moslamacha, Giúdacha, Hiondúcha agus eile san áireamh de réir mar is cuí féastaí agus féilte na mórchreideamh domhanda féastaí agus féilte sa chianaimsir
• roinnt de na searmanais, scéalta, finscéalta, filíocht, ceol, damhsaí agus cluichí a bhaineann leis na féilte sin a iniúchadh, a phlé, agus a thaifeadadh.


Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn