Gaelscoil Eirne
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn

Plean Scoile
Gaelscoil Éirne
Ábhar: Gaeilge

​Réamhráiteas:

Bhí baint agan bhfoireann iomlán i réiteach agus cur i bhfeidhm an phlean seo. Ta sé i gceist againn an phlean a cur i gcrích tríd síos an scoil mar ábhar leanúnach agus mar ábhar cuideachta do gach múinteoir. Chuireamar an phlean le chéile ar laethanta inseirbhíse agus laethanta pleanála ó 2003 ar aghaidh. Chomh maith leis sin bhí cruinnithe idir ghrúpaí múinteoirí ranga agus múinteoirí tacaíocht foghlama. Rinneadh athbhreithniú ar an bplean i 2012.
Tá gá leis an bplean seo mar go bhfuil an fhoireann ag iarraidh an Ghaeilge sa scoil a láidriú agus a thacú. Táimid ag iarraidh Curaclam na Bunscoile (1999) a leanúint agus a chur i bhfeidhm tríd síos an scoil, go mbeidh leanúnachas agus cur chuige comónta ann ó rang go rang.

Comhthéacs na Scoile:

Is Gaelscoil idirchreidmheach í Gaelscoil Éirne faoi phátrúnacht an Fhorais Patrúnachta.
Ciallaíonn sé sin gurb í an Ghaeilge príomhtheanga cumarsáide na scoile agus go múintear gach ábhair (ach amháin Béarla) trí mheán na Gaeilge.

Glacann muid leis agus leanann muid an Churaclam Athbhreithnithe na Bunscoile (1999).
Tugaimid tacaíocht do thuismitheoirí agus do chuairteoirí an méid Gaeilge atá ar eolas acu a labhairt agus iad sa scoil. Labhrann an fhoireann Gaeilge amháin. Táimid ag iarraidh i gcónaí saibhreas teanga na bpáistí agus an phobal uile a dhaingniú agus a fheabhsú mar nach í an Ghaeilge príomhtheanga mórchuid do dhaoine sa ceantair.

Tá dúshlán faoi leith ann sa scoil seo mar nach í an Ghaeilge príomh-theanga cumarsáide na bpáistí taobh amuigh den scoil. Chomh maith leis sin, níl Gaeilge labhartha ag mórchuid de na tuismitheoirí. Tá traidisiúin sa scoil, áfach, ár gcultúr, teanga agus ceol Éireanneach a cheiliúradh agus a chleachtadh. Táimid ag iarraidh cur leis seo agus leanúint leis, chomh maith leis an Gaeilge labhartha agus scríofa a fheabhsú chuile bhliain.

Tumoideachais:

Ní bheidh Béarla ar bith le cloisteáil ag an bpáiste ón bhfoireann scoile go dtí go mbeidh siad sa dara téarma sna Naíonáin Shinsearacha. Ciallaíonn sé sin nach ndéantar aon cheachtanna Bhéarla go dtí mí na Samhna sin. Déanfaidh siad gach ceacht litearthacht trí mheán na Gaeilge go dtí sin. Tá eolas ar an dtumoideachas ar fáil thíos:

Ó www.rogha.org:

Ciallaíonn an tumoideachas córas ina múintear gach ábhar trí theanga shonraithe amháin. I gcás na ngaelscoileanna is í an Ghaeilge teanga thumtha an chórais. Is í an Ghaeilge meán cumarsáide agus teagasc na scoile. Is ionann an Ghaeilge agus teanga oibre na scoile. Leanann páistí i ngaelscoileanna an gnáth churaclaim scoile mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas agus Eolaíochta. Baintear amach líofacht iomlán sa Bhéarla agus sa Ghaeilge tríd an gcóras seo. Tá múnlaí éagsúla den tumoideachas á gcleachtadh go hidirnáisiúnta. Faoi láthair tá múnlaí chomhchosúla den tumoideachas á gcleachtadh sna gaelscoileanna, bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Cuimsítear i measc na mbuntáistí atá aitheanta sa taighde idirnáisiúnta (Gaelscoileanna, ó Baker, 2003):
http://www.gaelscoileanna.ie/immersion-education/buntaisti-an-oideachais-datheangaigh
http://www.gaelscoileanna.ie/index.php?page=resourses

• Is í an Ghaeilge teanga chaidrimh na scoile go hiomlán. Ní teanga teagaisc amháin í. Níl sí teoranta don seomra ranga amháin.

• Tá gnéithe den Pholasaí Gaeilge mar chuid de Chód Smachta na scoile. Caithfidh gach duine idir mhúinteoirí, tuismitheoirí agus páistí é sin a thuiscint.

• Beifear ag súil le lán-tacaíocht agus comhoibriú uathu siúd thuasluaite chun an meon teoranta i leith úsáid na Gaeilge a shárú.

• Mar sin, beifear ag súil freisin go labhróidh na tuismitheoirí cibé Gaeilge atá acu leis na páistí taobh amuigh agus go mór-mhór taobh istigh de bhallaí na scoile.

• Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí an sainmhíniú atá le ‘scoil’ uair ar bith a bhfuil na páistí faoi chúram an mhúinteora/múinteoirí, más sa rang, sa chlós nó ag imeachtaí scoile é.

Tá an polasaí Gaeilge dearfach. Tá bunchloch an pholasaí leagtha ar dhá mhór phrionsabal i gcúrsaí oideachais an lae inniu.

(A) Tumadh iomlán- sé sin go mbeadh an páiste tumtha go hiomlán sa Ghaeilge. Cloisfidh sé/sí go seasta í sa timpeallacht. Beidh foghlaim fhoirmiúil agus foghlaim neamh-fhoirmiúil ann ó cheann ceann an lae scoile.

(B) An páiste mar chroílár a chuid oideachais féin. Treorófar agus gríosófar an páiste chun an teanga a thabhairt léi/leis. Molfar, spreagfar agus gríosófar an páiste chun a dhícheall/dícheall a dhéanamh chun í a úsáid. Tabharfar gach tacaíocht agus cabhair dó/di.

Aidhmneanna:
Is iad aidhmeanna an churaclaim Ghaeilge ná
• úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn
• dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú
• taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge
• cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a m(h)uinín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú
• cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéil a oireann dó/di féin agus don chineál scoile
• éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite
• feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú
• cúram a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach, shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste
• cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an pháiste.

Curaclam na Gaeilge
Dáileadh Ama: 5 uair a chloig gach seachtain dar leis an Straitéis Litearthacht agus Uimhreas (2011).
Cur chuige Cumarsáideach
Úsáideann na múinteoirí I nGaelscoil Éirne an cur chuige cumarsáideach i múineadh na Gaeilge.
Bíonn trí thréimhse i ngach ceacht Ghaeilge, an tréimhse réamhchumarsáide, an tréimhse cumarsáide agus an tréimhse iarchumarsáide.

Ó gCuraclam na Bunscoile (1999), Curaclam na Gaeilge:

Ar dtús sa tréimhse réamhchumarsáide leagtar an bhéim ar fhoghlaim foclóra agus gramadaí, ar athrá ceisteanna nó cluichí struchtúrtha. Ansin, sa tréimhse cumarsáide bíonn béim ar chomhrá, ar chluichí teanga, ar sheiftiú agus ar úsáid na teanga i rólghlacadh. Sa tréimhse iarchumarsáide téitear siar ar ábhar an cheachta, déantar anailís ar an dteanga, agus féachtar leis an eolas a thraschur go tascanna nó go cluichí eile. Is próiseas ciorclach é leanúnachas na dtréimhsí cumarsáide, agus is féidir ceacht a thosú le ceann ar bith acu. Tuigtear gurb é an rud is tábhachtaí ná na páistí a chur ag caint agus ag déanamh cumarsáide chomh luath agus chomh minic agus is féidir.
Tá eolas breise maidir leis an gcur chuige seo ar fáil sna doiciméid Churaclam:
http://www.curriculumonline.ie/ga/Curaclam_na_Bunscoile/Teanga/Gaeilge/Gaeilge_Treoirl%C3%ADnte_do_Mhúinteoir%C3%AD/Forbairt_na_cumarsáide/Cur_chuige_cumarsáideach/

Feidhmeanna Teanga
Beidh na feidhmeanna teanga i gceist i ngach snáith den churaclam: Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Rangaítear iad i sé chatagóir feidhmeanna:
• Caidreamh sóisialta a dhéanamh
• Eolas a thabhairt agus a lorg
• Dearcadh a léiriú agus a lorg
• Dul i gcion ar dhuine
• Struchtúr a chur ar chomhrá
• Soiléiriú a lorg i gcomhrá.
Déantar na feidhmeanna teanga a mhúineadh i ngach rang de réir rangleibhéal agus riachtanais cumarsáide na bpáistí.
Bíonn na múinteoirí ag éisteacht leis agus ag múineadh na feidhmeanna teanga go neamhfhoirmiúil ar an gcuid is mó. Bíonn an Ghaeilge neamhfhoirmiúil á chleachtadh i ngach rang ach go háirithe ag tús an lae nuair a dhéanann na páistí caint ar a saol sa bhaile.
Bíonn deis ag na páistí na feidhmeanna teanga a chleachtadh tríd síos an lae agus iad ag glacadh páirt i ngnáth-imeachtaí na scoile.
Má thugann an múinteoir faoi deara go bhfuil botún coitianta sa rang i dtaobh feidhm teanga, déanfaidh sé/sí ceacht a mhúineadh ag díriú ar an bhfeidhm teanga sin.
Tá na feidhmeanna teanga ar fáil ar chúl na leabhair Séideáin Sí.

An Ghaeilge i gclós na scoile
Is riail scoile é gur gá Gaeilge a labhairt sa chlós an t-am ar fad. Múintear roinnt mhaith foclóra do na páistí ag tús na bliana ionas go mbeidh an teanga acu.
Freisin, cabhraíonn na múinteoirí leis na páistí cluichí a chumadh agus a imirt trí Ghaeilge. Má cloiseann an múinteoir Gaeilge á labhairt ag páiste sa chlós, tugann siad ticéid/greamán dó/di. Bíonn crannchur Dé hAoine i ngach rang.
Má labhrann páiste Béarla sa chlós Shinsearach, bíonn orthu imeacht den gclós láithreach do thréimhse 5 bhomaite.


Snáitheanna an Churaclam
Comhtháthú na Snáitheanna
Tarlaíonn sé go nádútha go bhfuil na snáitheanna fite fuaite lena chéile. Tá béim ar labhairt ach go háirithe. Cuirimid béim ar labhairt agus éisteacht sula ndéanaimid léitheoireacht agus scríbhneoireacht.
Éisteacht:
Éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach neamhfhoirmiúil mar ghnáththeanga chumarsáide an ranga agus na scoile.
Éisteacht go foirmiúil i rith ceachta.
Beidh siad ag éisteacht le amhráin, dánta, tréanna, rabhlóga, scéalaíocht, agallaimh, tascanna éisteachta (mar shampla éist agus taispeáin, éist agus aimsigh, éist agus lean na horduithe srl).
Beidh na tascanna éisteachta bunaithe ar ábhair atá tarraingteach agus a dhíríonn ar fhorbairt shamhlaíochta agus mhothúcháin na bpáistí.
Is canúint Ulaidh a mbíonn in úsáid sa scoil agus díríonn na ceachtanna éisteachta ar an gcanúint seo a shaibhriú.

Labhairt:
An Ghaeilge a labhairt go teagmhasach neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil chun gnáthriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh.
Sa rang-Páistí ag labhairt lena chéile, páistí ag labhairt lena múinteoir.
Sa scoil- páistí ag labhairt le foireann na scoile (rúnaí, príomhoide….), amuigh sa chlós.

Labhairt go foirmiúil sa cheacht – caithfear forbairt a dhéanamh ar chumas labhartha na bpáistí go foirmiúil.
Ag tús na ceachta Gaeilge, múintear eiseamlairí na ceachta sin. Bíonn na ceachtanna díríthe ar réimse spéise. Mar sin, bíonn na feidhmeanna teanga, na téamaí agus na straitéisí comhtháite le chéile i gcónaí.
Spreagann muid na bpáistí chun labhairt go muiníneach faoi réimse leathan ábhair.

Léitheoireacht:

Sna Naíonáin:
- Eolas ar an aibítre agus córas fuaimeanna na Gaeilge a chleachtadh- túsfhuaimeanna, gutaí fada agus ceannlitreacha san áireamh
- Na radharcfhocial 0-50 (Féasta Focal) a fhoghlaim
- Léitheoireacht phearsanta ag úsáid na leabhairíní Séideán Sí
- Léitheoireacht ranga ag úsáid leabhair móra agus leabhairíní Séideán Sí méidithe
- Abairtí a chur le chéile agus a léamh bunaithe ar na radharcfhocail
- Tascanna idirgníomhach agus cluichí bunaithe ar scileanna léiheoireachta a comhlíonadh

Rang a hAon agus a Dó:
- Féasta Focal 50-200
- Léitheoireacht phearsanta ag úsáid na leabhairíní Séidean Sí
- Léitheoirí ranga: Diarmaid an Dragún (R1), An Fear Sneachta,(R1),Scéalta Scoile (R2)Peadar Pluaise(R2), 
- Réimse leabhair Gaeilge roghnaithe ag an múinteoir as an stór leabhair Gaeilge léitheoireachta atá sa scoil.
- Na gutaí fada, an aimsir chaite, poncúlacht.
- Litriú agus léitheoiracht bunaithe ar “Fuaimeanna agus Focail”
- Stáisiúin foghlama ina súgraítear cluichí Gaeilge

Rang a Trí, Ceathar, Cúig, Sé:
- Léitheoirí ranga: Ispíní agus Subh(R3), Spáslong (R3), Tine Chnámh(R4), Dioscó na mBó (R5)
Úrscéalta Ranga, Gearrscéalta, Beathaisnéis, Leabhair Eolas, Bailiúcháin Agallamh Beirte, Cnuasach Filíochta a úsaid chun
- an léitheoireacht mar nós saol a chothú
- cumas samhlaíochta agus cognaíoch an dalta a fhorbairt
- cabhrú leis an dalta a bheith ceisteach faoina léann sé
- forbairt a dhéanamh ar chumas léitheoireachta
- Dánta a léamh agus taitneamh a bhaint astu

Scríbhneóireacht:

Sna Naíonáin:
- Tá tascanna scríbhneoireachta i Leabhar an Dalta agus iad ar fad ceangailte le ceachtanna áirithe i Leabhar an Oide. Is mar thacaíocht d’fhorbairt scileanna éisteachta/labhartha atá Leabhar an Dalta ann go príomha.
- Ag Obair Liom/Leabhar Cúnta an Oide: seo ábhar a chuideoidh le forbairt na scileanna luathlitearthachta. Tá leathnaigh ann don scríbhneoireacht cruthaíoch agus teimpléid éagsúla chomh maith.
- Abairtí a scríobh atá bunaithe ar an bhfoclóir agus na radharcfhocail atá á fhoghlaim acu

Rang a hAon agus Dó:
- Nuacht laethúil nó píosa bunaithe ar an téama a phlé agus a bhreacadh síos
- Abairtí a scríobh atá bunaithe ar an bhfoclóir, an litriú agus na radharcfhocail atá á fhoghlaim acu
- Peannaireacht a chleachtadh sa chóipleabhar cuí
- Céad Céimeanna: ag díriú ar thrí genres in aghaidh na bliana
- Obair scríofa bunaithe ar na téamaí/ceachtanna gramadaí atá idir láimhe

Sna Meanranganna:
Réimse téacsanna á scríobh:
- liostaí, nuacht phearsanta, scéalta gearra, tuairiscí simplí, dánta simplí, cárta, nótaí
Réimse tascanna á dhéanamh-
- scríobh faoi phictiúr, abairtí a chríochnú, ceisteanna faoi scéalta simplí a fhreagairt
Leabhar scríobhnóireachta
Ba cheart go mbeadh leabhar scríobhnóireachta pearsanta ag gach dalta ó Rang 2 ar aghaidh. Úsáideann an dalta an cóipleabhar de réir mar is mian leis féin ach ba cheart dó cloí le roinnt moltaí:
- Teideal no pictiúir de scéal ar mhaith leis scríobh amach anseo
- Liosta d’fhocail a úsáideann sé go minic
- Focail spéisiúla a chuala sé nó a léigh sé
- Liosta d’fhocail nó de nathanna a bhfuil an brí chéanna leo
- Liosta d’ábhair spéise
- Seanfhocail, rábhlóga agus tomhais deasa a chuala nó a léigh sé
- Meamram chuige féin chun cur i gcuimhne dó go bhfuil rud éigin le déanamh aige
- Aon rud eile is maith leis an dalta féin a chur ann.
Tá áit níos lárnaí ag Leabhar Scríobhnóireachta Pearsanta an dalta i ranganna 3-6.

Sna hArdranganna:
Réimse téacsanna á scríobh-
- liostaí, nuacht phearsanta,dialann, scéalta, tuairiscí, dánta, cárta, litreacha, ríomhphoist, nótaí, oidis chócaireachta
Réimse tascanna á dhéanamh-
- achoimire a dhéanamh ar scéal, foirm a líonadh, líonadh bearnaí in amhrán nó dán, deachtú
Leabhar scríbhneoireachta-
Mar chuid dá gcuid scríobhnóireachta phearsanta, cleachtóidh na páistí
a) Pleanáil (m.sh. struchtúrú (smaointe a ghrúpáil), tobsmaoineamh, taighde)
b) Dréachtú
c) Meastóireacht – athléamh chun brí agus ord (seicheamh) an téacs a fheabhsú.
d) Athbhreithniú – athléamh ar díriú ar phoncaíocht, ghramadach agus litriú.
e) Foilsiú – i bhfoirm scríofa, clóbhuailte srl
f) Cur i láthar- do dhaltaí eile, tuisti, múinteoirí srl

Gramadach agus Foghraíocht na Gaeilge:
Beidh an Ghramadach á cheartú agus a mhúineadh go neamhfhoirmiúil sa cheacht agus go neamhfhoirmiúil i rith an lae.

Naíonáin Shóisir:
- Litreacha an aibítir

Naíonáin Shinsir:
- Litreacha an aibítir
- Túsfuaimeanna
- Ceannlitreacha
- Scríbhneoireacht phearsanta

Rang 1:
- Ord na haibítre
- Siollaí
- Na gutaí gearra
- Na gutaí fada
- Na consain chaola
- Na huimhreacha
- Cnúasconsain (br, cr, dr, fr, gr, pr, sr, tr)
- Scríobhnóireacht phearsanta

Rang 2/3:
- Na gutaí gearra agus na gutaí fada
- Leathan agus caol
- Siollaí
- Na cnuasconsain ina bhfuil ‘r’
- Abairtí
- An aibítir
- An chomhartha uaillbhreasa
- Na cnuaschonsain ina bhfuil ‘l’ (bl, cl, gl, pl, sl, dl, fl, tl)
- Na consain deiridh
- Deirí na bhfocal –óg,- ín, -án, -ach
- Deirí na bhfocal –uí
- Focail a bhfuil ‘ón’ iontu
- Focail a bhfuil ‘ea’ iontu
- Focail a bhfuil ‘eo’ iontu
- Seanfhocail
- Na défhogair –ia, ua
- Focail atá cosúil lena chéile
- Ag comhaireach
- Na horduimhreacha
- Ag comhaireamh daoine

Rang 4/5/6
- Aimsir chaite/láthreach/fháistineach
- Modh Coinníollach
- Réamhfhocail
- Aidiacht sealbhach
- Inscne
- Caol/caol leathan/leathan
- Na réamhfhoclail comhshuite
- Forainmneacha
- An módh orduithe
- Inscne agus aidíocht

Litriú:
Múintear litriú forimiúil bunaithe ar an téama atá ar siúl ag na páistí sa Ghaeilge. Bíonn scrúdú litriú Ghaeilge acu gach Aoine ó Rang a hAon ar aghaidh.
Cleachtaíonn na páistí an módh seo a leanas: clúdaigh, abair, scríobh agus seiceáil. Nó b’fhéidir leo SOS a chleachtadh (Simultaneous Oral Spelling) más fearr é sin.

Peannaireacht:
Beidh prionta in úsáid sna bunranganna mar aon le córas Séideáin Sí. Tosófar le córas scriopta i Rang 3.
Úsáidfear pinn luaidhe triantánach sna Naíonáin agus gnáth-phinnluaidhe as sin amach.
Úsáideann na páistí cóipleabhair 15 sna Naíonáin agus A12 i Rang 1 agus 2. Gnáthchóipleabhair as sin amach.
Ba mhaith linn tacaíocht dearfach a thabhairt do pháistí agus iad ag cleachtadh peannaireachta.

Pleanáil Eagraíochta

Pleanáil an mhúinteora:


Beidh plean bliana scríofa ag chuile múinteoir ranga a leanfaidh an córas Séideán Sí, a chlúdaíonn chuile snáth, snáthaonaid agus feidhm teanga a leagtar síos sa Churaclam Athbhreithnithe (1999).
Tá sé de dhíth ar gach múinteoir ranga cúntais míosúil a chomhlíonadh a dhéanann cur síos ar an téama agus na feidhmeanna teanga a chlúdaítear sa rang.

Áiseanna:
Tá an-cuid áiseanna ar fáil in éineacht leis an bpacáiste Séideán Sí i ngach rang, mar shampla: puipéidí, leabhir móra, úrscéalta, póstaeirí srl. Bailítear an fhearais ag deireadh gach bliain chun cinntiú go bhfuil gach rud ann.
Úsáidfear na ríomhairí sa rang uaireanta chun obair na bpáistí a fhoilsiú.

Éagsúlacht Cumais:
Sa rang, úsáidtear na straitéisí seo a leanas chun cinnitiú go mbeidh gach páiste páirteach sa rang-
- Úsáid abhair coincréideach
- Míniú ó bhéal agus plé sa rang chun go mbeidh páistí le deacrachtaí litearthacha páirteach sa rang
- Múineadh díreach, tasipeáint agus míniú ar siúil ag an múinteoir ranga.
- Obair ghrúpa
- Gaeilge a mhúineadh go neamhfhoirmiúil agus go foirmiúil
- Usáid samplaí o bhéal chomh maith le samplaí scríofa
Beidh seans ag gach páiste gach snáth den Churaclam a chleachtadh.
Beidh clár idirdhealaithe ar fáil i ngach rang do phaistí le riachtannaisí speisialta.
Tugtar tacaíocht foghlama do na páistí le riachtannaisí speisialta trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, de réir mar a oireann. Usáidtear Gaeilge chomh minic agus gur féidir leo, ach ar an iomlán is trí Bhéarla a mbeidh an ceacht mar gurb é sin príomh theanga labhartha agus cumarsáide na bpáistí.

Comhtháthú le hÁbhair eile:
Tá an cur chuige comhtháite in úsáid sa rang. Ciallaíonn sé sin go dtarlaíonn an comhtháthú go nádúrtha i ngach gnéith den Churaclam. Mhúintear an sainfhoclóir a bhaineann leis na hábhair eile agus cuireann sé seo le múineadh agus le foghlaim an Ghaeilge.
Úsáidtear na téamaí, topaicí, díospóireachtaí, téacs, rainn, agallaimh nó scríbhneoireacht ón gceacht Ghaeilge mar spreagadh chun comhthathú a dhéanamh leis na hábhair eile.



Measúnú:

Cuspóirí an Mheasúnaithe:
- Go ndéanfaidh an pháiste forbairt ar a gcumas cumarsáide.
- Go léireoidh an páiste tuiscint ghinearálta ar ábhar an churaclaim ag a leibhéal féin.
- Leanfaidh sé/sí treoracha soiléire chun rudaí a dhéanamh.
- Beidh léiriú ón bpáiste go dtuigeann sé/sí ceisteanna nó treoracha ón múinteoir.
- Beidh an páiste in ann na feidhmeanna teanga a bhaint amach ag a leibhéal féin i ngach rang.
- An féidir leis an bpáiste na scileanna teanga a léirigh sé/sí i suíomh amháin a aistriú go suíomh nó go comhthéacs eile.
- Beifear ag súil le cumas cainte le líofacht agus cruinneas i bhfíorócáidí cumarsáide.
- Ar an méid Gaeilge a bheidh cleachtaithe ag an bpáiste i dtascanna éisteachta, labhartha agus léitheoireachta a bhunófar measúnú na léitheoireachta. Beidh an bhéim ar scileanna tuisceana i léitheoireacht na Gaeilge, agus ar an taoiléitheoireacht, ar an léitheoireacht fheidhmiúil, agus ar eolas agus pléisiúr a bhaint as téacs. Úsáidfear ceisteanna scríofa chomh maith le ceisteanna ó bhéal chun tuiscint an pháiste ar théacs a mheasúnú.
- Beidh measúnú na scríbhneoireachta bunaithe ar an nGaeilge atá cloiste, úsáidte sa chaint agus léite sa léitheoireacht ag an bpáiste. Beidh sé/sí in ann a (h)ainm féin a scríobh ar chóipleabhar agus ar fhoirm agus cárta poist, litir, tuairisc agus cur síos a scríobh freisin. Úsáidfidh sé/sí na comharthaí poncaíochta is tábhachtaí, agus léireoidh sé/sí tuiscint ar bhunlitriú na Gaeilge. Cuirfear béim ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus fheidhmiúil de réir ábaltacht an pháiste.

Uirlisí measúnaithe-

- Dírbhreathnú an mhúinteora
- Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
- Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste
- Prófílí Curaclaim

Trialacha Caighdeánacha
Déanfar na trialacha Droim Chonrach Gaeilge i dTéarma 3 do chuile pháiste ó Rang a hAon ar aghaidh.

Obair Bhaile:

Beidh obair bhaile tugtha do na páistí atá bunaithe ar an obair atá comhlíonta acu sa rang. Beidh an obair bhaile idirdhealaithe de réir ábaltacht na bpáistí.
Tugtar aitheantas nach bhfuil Gaeilge líofa ag gach tuiste agus ní bheidh iarmhairtí ann má tá fadhbanna ag páiste an obair bhaile a chomhlíonadh dá bharr.
Forbairt Foirne:
Tugtar gach eolas don fhoireann ar thaighde múineadh teanga, tumoideachais, dátheangachas agus a rathúlacht i leith na Gaeilge. Tarraingítear ord na múinteoirí chuig nithe mar seo ag na cruinnithe fóirne.
Tusimitheoirí agus an Ghaeilge:
Tá na tuismitheoirí ar an eolas ón am a chláraíonn siad a bpaistí gurb í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile.
Níl mórán Ghaeilge ag mór-cuid de na tuistí ach tá siad i gcónaí sásta a gcuid Gaeilge a chleachtadh leis an bhfoireann agus lena bpáistí.
Cuirtear eolas ar fáil do thuistí faoi foclóir, rannta srl atá ar siúil ag na bunranganna ach go háirithe.

Comhionnanas:
Taispeánann muid cothromaíocht do gach páiste, agus tugann muid na deiseanna céanna do chách.

Nascanna leis an gComhphobal/Ócáidí Speisialta:
An Nollaig-
Cuireann muid ceolchoirm ar siúl atá go hiomlán as Gaeilge. Bíonn fáilte roimh na tuismitheoirí chomh maith le muintir na háite.
Seachtain na Gaeilge-
Bíonn ceolchoirm Gaelach eile ar siúil i rith an coicís seo thart ar Lá Fheile Phádraig. Beidh imeachtaí éagsúla ar siúil ag na páistí chomh maith ar nós comortas ealaíne aguss frásaí  a chur timpeall na pasáistí. Cuireann muid comharthaí Gaeilge, déanta ag na páistí, ar fáil do siopaí agus gnó áitiúla.

Cúrsaí Eischuraclaim:
Úsáideann na múinteoirí seachtracha an méid Gaeilge atá acu agus iad i mbun cluichí/ceachta srl. Déanann na múinteoirí iarracht labhairt leo i nGaeilge an t-am ar fad.
Cén tslat tomhais atá ag an scoil chun an plean a mheas?
Beidh a fhios again go bhfuil dul chun cinn déanta againn mar thoradh ar an bplean seo nuair a fheiceann muid feabhas i líofacht na bpáistí agus i leanúnachas an mhúinteoireachta.
Cá bhfios dúinn go bhfuil an plean á chur i bhfeidhm sa scoil?
• Leanann ullmhúchán an mhúinteora an plean
• Leantar na nósanna imeachta atá sa phlean

Conas a bheidh a fhios againn gur comhlíonadh aidhmeanna an phlean?

- Aiseolas dearfach ón bhfoireann/ó dhaltaí/ón bpobal/ó thuismitheoirí
- Aiseolas dearfach ó scoileanna dara leibhéal
- Tuairiscí ón gCigire/Measúnú Scoile Uile
- Eile, m.sh. na torthaí ó na trialacha chaighdeánacha
- Athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar na haidhmeanna don scoil, a bheith réalaíoch maidir leis na spriocanna, measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcás na Gaeilge agus cinní eile a dhéanamh in am an ghátair.
- Meas ar an teanga agus ar an gcultúr i measc pobal na scoile & a bheith suas chun dáta maidir le foghlaim teanga

Cur i bhfeidhm:

(a) Rólanna agus freagracht
- Tá an priomhoide agus gach oide freagrach don Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Déanfaidh an Príomhoide cinnte go mbeidh an phlean á leanúint ag na múinteoirí. Tabharfaidh sí chun fios ag na cruinnithe fóirne cad atá ag obair go maith agus cad iad na gnéithe gur gá dúinn feabhas a chur orthu.
- Déanfar an plean seo a athbhreithniú ag tús na scoilbhliana idir an Príomhoide agus Máire Nic Gaoithín agus ansin mar fhoireann iomlán.
(b) Beidh an plean curtha i gcrích láithreach.
Caithfear an plean seo a athbhreithniú go rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil Curaclam na Gaeilge á cur i gcrích i gceart.

An chéad athbhreithniú eile: mean Fómhair 2017

Daingniú agus Cumarsáid:

Tá an plean seo faofa ag an Bord Bainistíochta.
Tá cóip ag chuile múinteoir agus tá cóipeanna leictreonach san oifig, ar an eochair cuimhne “Plean Scoile” agus ar an ríomhaire sa seomra fóirne.
Beidh cóip ar fáil freisin ar an suíomh idírlion chun go mbeidh tuistí agus iad a bhfuil suim acu féachaint air. 
Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn