Gaelscoil Eirne
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn

Plean Scoile
Gaelscoil Éirne
Ábhar: Eolaíocht

​Reamhrá
Bhí baint ag an bhfoireann iomlán i réiteach agus cur i bhfeidhm an phlean seo. Ta sé i gceist againn an phlean a cur i gcrích tríd síos an scoil mar ábhar leanúnach agus mar ábhar cuideachta do gach múinteoir.
Réasúnach
- Chun cur le múineadh agus le foghlaim tríd síos an scoil
- Chun druideadh le bealach foghlaime comhtháite san eolaíocht
- Chun cinntiú go mbeidh seans ag gach páiste na scileanna eolaíochta a fhorbairt agus a fhoghlaim mar a leagtar síos sa Churaclam Athbhreithnithe (1999)
Fís
Tugann an Eolaíocht inár scoil deis do na páistí ábhair eolaíochta a fheiceáil sa domhain mórthimpeall orthu agus in a gnáthshaoil. Táimid ag iarraidh go spreagfaidh an Eolaíocht iad chun a bheith fiosrach agus chun oibre go heolaíoch ins an gnáthshaol.


Aidhmeanna
Aontaíonn muid mar fhoireann leis na haidhmeanna atá leagtha síos sa Churaclam Athbhreithnithe (1999):
• eolas agus tuiscint ar choincheapa eolaíochta agus teicneolaíochta a fhorbairt trí ghnéithe daonna, nádurtha agus fisiceacha na timpeallachta a iniúchadh
• cur chuige eolaíoch a fhorbairt i leith fadhbanna a réiteach, cur chuige a leagann béim ar thuiscint agus ar mhachnamh cruthaitheach
• an páiste a spreagadh chun smaointe agus coincheapa eolaíochta a iniúchadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí ghníomhaíochtaí deartha agus déanta
• fiosracht nádúrtha an pháiste a chothú agus ar an mbealach sin é/í a spreagadh chun tabhairt faoi iniúchadh agus ghníomhaíocht chruthaitheach go neamhspleách
• cabhrú leis an bpáiste a léirthuiscint go gcuireann eolaíocht agus teicneolaíocht le gnéithe sóisialta, gnéithe eacnamaíochta, gnéithe cultúrtha agus gnéithe eile na sochaí
• léirthuiscint agus meas a chothú ar an éagsúlacht atá le fáil i measc neach beo agus neamhbheo, ar a n-idirspleáchas agus ar an gcaoi a dtéann siad i gcion ar a chéile
• na páistí a spreagadh chun iad féin a iompar go freagrach agus chun an t-imshaol a chosaint, a fheabhsú agus a ghráú, chun páirt a ghlacadh agus fadhbanna a bhaineann leis an imshaol á dtabhairt chun suntais, á gcíoradh, á réiteach nó á seachaint agus ar an mbealach sin forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn
• a chur ar chumas an pháiste idéanna a chur in iúl, obair a chur i láthair agus tuairisc a thabhairt ar thorthaí taighde trí mheáin éagsúla.
Seo a leanas na cuspóirí ghinearálta (An Curaclam Athbhreithnithe,1999) a bhaineann le hoideachas eolaíochta:
• spéis agus fiosracht i dtaobh an domhain a fhorbairt trí iniúchadh agus staidéar a dhéanamh ar nithe beo agus neamhbheo
• eolas agus tuiscint ar idéanna eolaíocha a fhorbairt trí staidéar a dhéanamh ar nithe beo agus ar na timpeallachtaí ina maireann siad, ar fhuinneamh agus fhórsaí, ar ábhair agus ar phróisis athraithe
• breathnú, ceisteanna a chur, patrúin a thabhairt faoi deara, hipitéisí a cheapadh, pleananna a cheapadh, turgnaimh a dhéanamh, rudaí a dhearadh agus a dhéanamh, rudaí a thomhas, díospóireacht a dhéanamh, torthaí a scagadh agus a mheas agus ar an dóigh sin cur chuige eolaíoch a fhorbairt i leith réiteach fadhbanna
• bealaí machnaimh atá cruthaitheach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le linn taighde eolaíoch
• an fheidhm a bhaintear as bunsmaointe agus idéanna eolaíochta sa ghnáthshaol a thuiscint
• eolas, scileanna agus acmhainní eolaíochta a chur i bhfeidhm i dtascanna deartha agus déanta
• na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta ar phobail, ar mhodhanna maireachtála, ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar an imshaol a iniúchadh agus a léirthuiscint
• torthaí breathnóireachta, sonraí agus torthaí turgnamh agus taighde a chlárú agus a chur in iúl, ag baint leasa as meáin éagsúla, bídís i bhfoirm cainte nó i bhfoirm scríofa, ghrafach nó eile
• iarmhairtí ghníomhaíocht an duine ar imshaoil fhisiceacha, nádúrtha agus dhaonna a iniúchadh
• idirspleáchas raoin leathan de dhúile beo agus a n-imshaoil a thuiscint, a thábhachtaí is atá caomhnú gnáthóg a aithint agus tosú ar a léirthuiscint go mbraitheann an saol ar fad faoi mar atá sé anois agus faoi mar a bheidh sé sna glúnta atá le teacht ar fhorbairt inbhuanaithe na cruinne
• páirt ghníomhach a ghlacadh i bplé, in iniúchadh agus i réiteach fadhbanna imshaoil
• cód slándála a thuiscint agus a chur i bhfeidhm i dtaca le taighde agus le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta.


Clár Ama:
Moltar sa Churaclam Athbhreithnithe (1999) go gcaithfear 3 uair/2 uair 15 ar OSIE chuile seachtain. Is faoi dhiscréid an mhúinteora é conas mar a ghearrtar suas an t-am seo ó sheachtain go seachtain mar gheall ar comhtháthú idir na hábhair. Bheidís ag ceapadh, áfach, go gcaithfear 1 uair/45 nóiméad ar Eolaíocht chuile sheachtain.


Riachtannaisí Speisialta:
Beidh na múinteoirí feasach do na páistí le difríochtaí aonair agus le fadhbanna foghlama. Má tá SNA bainteach leis an rang, cabhróidh sí leis an bpáiste a bheith slán agus ar-tasc. Déanfaidh an múinteoir an churaclam a idirdhealú do riachtannaisí na páistí seo, mar shampla obair a dhéanamh ó bhéal nó an ríomhaire a úsáid.


Fearas:
Tá an fearas eolaíochta comaidithe in áit lárnach atá slán sábháilte(seomra fearais). Seo a leanas an fearas atá sa scoil:
  1. Maignéid
  2. Eolaíocht bheo

 
 

Obair Bhaile:
Uaireanta tugtar obair bhaile do na páistí más gá chun an téama/obair an lae a dhaingniú. Roghnóidh an múinteoir obair bhaile atá oiriúnach do lebhéal scile an pháiste.



Measúnú:
- Tugaimid deis do na páistí féinmheasúnú a chleachtadh agus obair na bpáistí eile a mheasadh chomh maith.
- Úsáidfimid breathnóireacht an mhúinteora mar príomh-mhodh measúnaithe san eolaíocht, in éineacht le obair an pháiste. Beidh an obair seo coinnithe i gcóipleabhair nó fillteáin an pháiste mar is oiriúnaí.
- Spreagfaimid na páistí chun obair a chur i láthair ó bhéal ag úsáid ábhair pictiúrtha agus teicneolaíochta.

Rannphairtíocht Tuismitheoirí:
Nuair atá ábhair srl ag teastáil don cheacht Eolaíochta, cuirfear ceist ar thuismitheoirí cabhrú leis na paistí é a fháil. Cabhróidh na tuistí freisin i dtionscnamh a thaighde agus a chur le chéile.


Ábhar an Churaclam.
Rangleibhéal: Naíonáin Shóisir agus Shinsir

Meán Fómhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Dúile beo
Snáthaonaid: Mise

- Na baill beatha
- Cosúileachtaí agus éagsúlachtaí fisiceacha

Snáth: Fuinneamh agus fórsaí
Snáthaonaid: Solas

- Na dathanna
- Lá agus oíche

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Fuinneamh agus fórsaí
Snáthaonaid: Fuaim

- Fuaimeanna sa timpeallacht a aithint agus a ainmniú
- Fuaimeanna arda/isle, láidre/boga
- Bealaí chun fuaimeanna éagsúla a dhéanamh

Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Fuinneamh agus fórsaí
Snáthaonaid: Teas

- Difríochataí idir theite agus fuaire
- Bealaí chun rudaí a choinneáil te agus fuar.

Snáth: Fuinneamh agus fórsaí
Snáthaonaid: Maignéadas agus leictreachas

- Maignéidí a phlé agus a láimhseáil
- Tarraingt ar ábhar áirithe a phlé
- Gaireas tí a úsáideann leictreachas agus na contúirtí a ghabhann le leictreachas

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Fuinneamh agus Fórsaí
Snáthaonaid: Forsaí

- Sá agus tarraingt
- Cruth rudaí a athrú trí fórsaí a úsáid
Snáth: Ábhair
Snáthaonaid: Airíonna agus tréithe ábhair

- Ábhair coitianta
- Comparáidí/difríochtaí idir ábhair
- Gnáthúsáidí abhair coitianta

Cáisc-Lá Saoire Bainc (Bealtaine)
Snáth: Ábhair
Snáthaonaid: Ábhair agus athrú

- Tionchar uisce ar ábhair
- Cur síos ar abhair atá fliuch/tirim
- Tionchar theite agus fuaire ar ábhair

Snáth: Feasacht agus Cúram Imshaol
Snáthaonaid: Cúram díom féin agus de mo thimpeallacht


Lá Saoire Bainc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Dúile Beo
Snáthaonaid: Plandaí agus ainmhithe

- A shortáil i dtacair
- Fás agus athrú

Rangleibhéal: Rang 1 agus 2
Meán Fomhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Dúile beo
Snáthaonaid: Mise

• Feasacht a fhorbairt ar ról gach cèadfa I mbailiú eolais I dtaobhna timpeallachta agus I gcosaint an choirp.
• Méid coirp
• Na difríochtaí agus na cosúlachtaí idir dhaoine a aithint nó a thomas
Snáth: Fuinneamh agus forsaí
Snáthaonaid: Solas

• A aithint go dtagann solas ó fhoinsí éagsúla.
• A aithint gur gá solas chun rudaí a fheiceáil
• A thuiscint go dtugann an ghrian teas agus solas agus nach bhféadfaimis maireachtáil dá n-éagmais.

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáthaonaid: Cúram de mo thimpeallacht

• Feasacht a fhorbairt go bhfuil aer, uisce, agus dúile beo agus neamhbheo riachtanach don imshaoil.
• Straitéisí simplí chun an timpeallacht a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú a aithint agus cuidiú lena gcur i bhfeidhm.

Snáth: Ábhair
Snáthaonaid: Ábhair agus athrú cló

• cur síos ar ábhair agus iad a chur i gcomparáid lena chéile agus difríochtaí datha, crutha agus uigeachta eatarthu a thabhairt faoi deara.


Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Fuinneamh agus forsaí
Snáthaonaid: Fuaim

• Raon d’fhuaimeanna éagsúla san imshaol a aithint agus a ainmniú
• Bealaí a iniúchadh chun fuaimeanna éagsúla a dhéanamh ag baint leasa as raon d’ábhair.


Snáth: Mise
Snáthaonaid: Plandaí agus ainmhithe

• Dúile beo éagsúla i ngáthóga agus in imshaoil áitiúla a bhreathnú, a aithint agus a iniúchadh,
Crainn agus plandai a aithint
Éanlaith agus ainmhithe coitianta eile


Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Maighnéadas agus leictreachas
Snáthaonaid: Maighnéadas agus leictreachas

• Maighnéid agus iad éagsúil ó thaobh méid agus crutha a úsáid i súgradh feidhmeach chun a dtionchar ar ábhair éagsúla a imscrúdú
 

Snáth: Ábhair
Snáthaoinaid: Airíonna agus tréithe ábhar

• Cur síos ar ábhair agus iad a chur i gcomparáid lena chéile,
• Ábhair a ghrúpáil de réir n-airíonna ( solúbhthacht, tréshoilseacht, maighnéadas neart)

Cáisc-Lá Saoire Banc (Bealtaine)
Snáth: Fuinneamh agus fórsaí
Snáthaoinaid: Teas

• Feasacht a fhorbairt ar fhoinsí difriúla fuinnimh teasa, ( an ghrian, tine, raidtheoir


Snáth: Maighnéadas agus leictreachas
Snáthaonaid :Maighnéadas agus leictreachas

• Feasacht ar roinnt de na slite a n-úsáidtear leictreachas sa scoil, seomra ranga, sa bhaile a fhorbairt.

Lá Saoire Banc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Fuinneamh agus fórsaí
Snáthaonaid: Fórsaí

• A iniúchadh gur féidir rudaí a bhogadh trí bhrú agus trí tharraingt
• A thabhairt faoi deara agus a iniúchadh gur féidir le huisce agus le haer atá ag gluaiseacht rudaí a bhogadh

Snáth:Ábhair
Snáthaonaid: Ábhair agus athrú cló

• Bealaí ar féidir leachatnna nó solaid a choinneáil te nó fuar a iniúchadh



Rangleibhéal: Rang a Trí agus Rang a Ceathair

Meán Fómhair-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Dúile Beo
Snáthaonaid: An Bheatha Dhaonna

• eolas a chur ar ainmneacha agus ar struchtúr cuid de na príomhbhaill bheatha,
idir bhaill sheachtracha agus bhaill inmheánacha

Snáth: Fuinneamh agus Fórsaí
Snáthaonaid: Solas

• a fhoghlaim gur cineál amháin fuinnimh é solas
• a aithint go dtagann solas ó fhoinsí nádúrtha agus saorga difriúla
• a imscrúdú gur féidir solas a bhriseadh in go leor dathanna difriúla

Snáth: Ábhair
Snáthaonaid: Airíonn agus tréithe ábhar

• raon d’ábhair choitianta sa gharthimpeallacht a aithint agus a imscrúdú
 uisce, aer, carraig, fíocháin, páipéar, miotal, adhmad, plaisteach, bia
• a aithint gur féidir ábhair a bheith soladach, leachtach nó gásach
• cur síos ar ábhair, iad a chur i gcomparáid lena chéile agus difríochtaí eatarthu maidir le dath, cruth agus uigeacht a thabhairt faoi deara.

Briseadh Lár Téarma-Nollaig
Snáth: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáthaonaid: Feasacht imshaoil

• gnéithe dearfacha imshaol nádúrtha agus imshaol tógtha a aithint trí bhreathnú, phlé agus chlárú
• comhghaol eilimintí beo agus eilimintí neamh-bheo san imshaol áitiúil agus in imshaoil eile a aithint

Snáth: Dúile Beo
Snáthaonaid: Plandaí agus ainmhithe

• na hainmhithe agus na plandaí a mhaireann in imshaoil áitiúla a bhreathnú, a aithint agus a imscrúdú
• feasacht fhorásach a fhorbairt ar ainmhithe agus ar phlandaí ó imshaoil níos faide i gcéin

Snáth: Fuinneamh agus Forsaí
Snáithaonaid: Fuaim

• a fhoghlaim gur cineál amháin fuinnimh í fuaim
• fuaimeanna éagsúla sa timpeallacht a thabhairt faoi deara agus a aithint
• an chaoi ar féidir fuaimeanna difriúla adhéanamh trí ábhair éagsúla a chur ar crith a thuiscint agus a thaighde

Nollaig-Briseadh Lár Téarma
Snáth: Ábhair
Snáthaonaid: Ábhair agus athrú cló

• tionchair théite agus fhuaraithe ar raon
• leachtanna, solad agus gás a iniúchadh
• oiriúnacht cineálacha difriúla éadaí
• d’éagsúlacht teochta a imscrúdú

Snáth: Dúile Beo
Snáthaonaid: An Bheatha Dhaonna

• feasacht a fhorbairt ar thábhacht bia le haghaidh fáis agus fuinnimh
• na hathruithe fisiceacha a thagann ar an bhfireannach agus ar an mbaineannach le linn caithrithe a thuiscint

Snáth: Fuinneamh agus Fórsaí
Snáthaoonaid: Teas

• a thuiscint gur miosúr é teocht de chomh te agus atá rud éigin
• a fhoghlaim gur féidir teas a thraschur
• athruithe teochta a thomhas agus teirmiméadar a úsáid chuige sin

Briseadh Lár Téarma-Cáisc
Snáth: Ábhair
Snáthaonaid: Ábhair agus athrú cló

• mar is féidir ábhair a athrú trí mheascadh a imscrúdú
• airíonna ábhar éagsúil nuair is fliuch dóibh agus nuair is tirim dóibh a imscrúdú
• na hathruithe a tharlaíonn in ábhair nuair a chuirtear fórsaí fisiceacha i bhfeidhm orthu a imscrúdú

Snáth: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáthaonaid: Eolaíocht agus an t-imshaoil

• tosú ar úsáid eolaíochta agus teicneolaíochta i gcomhthéacsanna coitianta a iniúchadh agus a léirthuiscint
• roinnt bealaí a aithint ina gcuireann eolaíocht agus teicneolaíocht le leas na sochaí

Snáth: Fuinneamh agus Fórsaí
Snáthaonaid: Maighnéadas agus Leictreachas

• a fhoghlaim gur féidir le maighnéid ábhair mhaighnéadacha a shá nó a tharraingt
• a iniúchadh go bhfuil poil ag maighnéid agus mar a tharraingíonn agus mar a n-éarann na poil seo a chéile a imscrúdú
• na gaolta idir maighnéid agus compáis a iniúchadh
• rudaí agus ábhair a scrúdú agus a rangú de réir mar a bheadh siad maighnéadach nó neamh-mhaighnéadach
• a imscrúdú go n-oibríonn tarraingt maighnéad ar ábhair áirithe trí ábhair eile

Cáisc-Lá Saoire Bainc (Bealtaine)
Snáth: Dúile Beo
Snáthaonaid: Plandaí agus Ainmhithe

• feasacht ar análú a fhorbairt agus an t-análú féin a imscrúdú
• cé mar a ghluaiseann daoine a iniúchadh


Snáth: Fuinnemah agus Fórsaí
Snáthaonaid: Fórsaí

• na slite a bhféadfaí rudaí a bhogadh a iniúchadh
• a iniúchadh conas roinnt rudaí a bheadh ag gluaiseacht a mhoilliú
• tionchar fhrithchuimilte ar ghluaiseacht a iniúchadh trí thurgnaimh a dhéanamh le bréagáin agus le rudaí eile ar dhromchlaí éagsúla

Lá Saoire Bainc (Bealtaine)-Laetheanta Saoire an tSamhraidh
Snáth: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáthaonaid: Cúram imshaoil

• feasacht a fhorbairt ar thábhacht acmhainní inathnuaite agus neamhinathnuaite an Domhain
• mar a athraíonn gníomhaíocht dhaonna imshaoil a thabhairt faoi deara
• léirthuiscint ar an ngá le caomhnú acmhainní a fhorbairt


Snáth: Dúile Beo
Snáthaonaid: Plandaí agus ainmhithe

• feasacht ar análú a fhorbairt agus an t-análú féin a imscrúdú cé mar a ghluaiseann daoine a iniúchadh
• feasacht a fhorbairt ar chuid de phróisis bhunúsacha na beatha ag ainmhithe
• na tosca a théann i gcion ar fhás plandaí a imscrúdú

Rangleibhéal: Ranganna 5 agus 6

Meán Fomhair- Briseadh Lár Téarma
Snáithe: Dúile Beo
Snáithaonad: An bheatha dhaonna

Éagsúlacht agus airíonna daoine
• tuiscint shimplí a fhorbairt ar struchtúr cuid de phríomhbhaill inmheánacha an choirp

Próisis na beatha daonna
• feasacht ar análú a fhorbairt agus an t-análú a imscrúdú
• tuiscint a fhorbairt ar chórais atáirgthe an fhireannaigh agus an bhaineannaigh agus ar na hathruithe a thagann ar fhireannaigh agus ar bhaineannaigh araon le linn
caithrithe


Snáithaonad: Plandaí agus ainmhithe
Próisis na beatha

• feasacht ar chuid de phróisis bhunúsacha bheatha ainmhithe agus plandaí a fhorbairt
• na fachtóirí a théann i gcion ar fhás a imscrúdú

Sos Lár Téarma- Nollaig
Snáith: Fuinneamh agus fórsaí
Snáithaonad: Fuaim

• a fhoghlaim gur cineál amháin fuinnimh í fuaim
• fuaimeanna éagsúla san imshaol a thabhairt faoi deara agus a aithint agus an tábhacht atá le torann a rialú a thuiscint
• an chaoi ar féidir fuaimeanna difriúla a dhéanamh trí ábhair éagsúla a chur ar crith
a thuiscint agus a thaighde
• gaothuirlisí adhmaid a dhearadh agus a dhéanamh
• mar a thaistealaíonn fuaim trí ábhair áirithe níos fearr ná mar a dhéanann trí
ábhair eile a iniúchadh: aer, uisce, solaid, ábhair a mhaolaíonn fuaim a aithint, péire mufa a dhearadh agus a dhéanamh
• tábhacht na héisteachta a léirthuiscint

Snáithaonad: Maignéadas agus leictreachas
• a fhoghlaim gur féidir le maighnéadas ábhair mhaighnéadacha a shá nó a tharraingt
• an chaoi a ndéantar maighnéid a imscrúdú
• úsáid maighnéad chun nithe a ardú agus a choinneáil a iniúchadh
• foghlaim faoi fhuinneamh leictreach, sruthleictreachas a imscrúdú trí chiorcaid
shimplí a thógáil
• mar a oibríonn roinnt áirithe gléasanna leictreacha coitianta a thuiscint
• feasacht ar na contúirtí a bhaineann le leictreachas agus tuiscint orthu a fhorbairt


Snáithaonad: Fórsaí
• na slite a d’fhéadfaí rudaí agus ábhair a bhogadh a aithint agus a iniúchadh
• an tionchar a bhíonn ag frithchuimilt ar ghluaiseacht agus a húsáid chun rudaí atá
ag gluaiseacht a mhoilliú nó a stopadh a iniúchadh
• an chaoi ar féidir le frithchuimilt teas a ghiniúint a iniúchadh
• a thuiscint gur fórsa í domhantarraingt
• a thuiscint go bhfuil meáchan ag nithe i ngeall ar dhomhantarraingt
• úsáid luamhán mar chabhair chun rudaí difriúla a ardú a iniúchadh

Nollaig – Sos Feabhra

Snáith: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáithaonad: Feasacht imshaoil

• gnéithe dearfacha imshaol nádúrtha agus imshaol tógtha a aithint trí bhreathnú, trí
phlé agus trí chlárú
• roinnt samplaí de chomhghaol eilimintí beo agus eilimintí neamh-bheo san imshaol
áitiúil agus in imshaoil eile a iniúchadh
• léirthuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a n-úsáidtear acmhainní an Domhain


Snáithaonad: Cúram imshaoil
• páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chuireann le feabhsú an imshaoil
• saincheist in imshaol áitiúil, in imshaol náisiúnta nó in imshaol domhanda a
aithint agus a phlé
• an fhreagracht phearsanta, an fhreagracht atá ar an bpobal agus an fhreagracht náisiúnta atá ann i leith cúram a dhéanamh den imshaol a léirthuiscint


Snáithe: Dúile Beo
Snáithaonad: An bheatha dhaonna

Próisis na beatha daonna
• tuiscint shimplí a fhorbairt ar bhia agus ar chothú
• na bealaí a gcosnaíonn an corp é féin in aghaidh galair agus galraithe a aithint agus
a thuiscint

Sos Feabhra – an Cháisc
Snáithe: Ábhair
Snáithaonad: Airí agus tréithe ábhar

• a aithint gur féidir ábhair a bheith soladach, leachtach nó gásach
• raon forásach d’ábhair choitianta sa gharthimpeallacht a aithint agus a
imscrúdú
• foinsí na n-ábhar sin a iniúchadh
• ábhair a ghrúpáil de réir a n-airíonna nó a gcomhdhéanaimh
• na dóigheanna a n-úsáidtear ábhair a aithint
• a thuiscint go líonann gás ar nós aeir spás, go bhfuil ‘mais’* aige agus go gcuireann sé brú i bhfeidhm
• a aithint go seargann ábhair áirithe go nádúrtha siúd is go maireann cuid eile san
imshaol ar feadh i bhfad

Snáithaonad: Ábhair agus athrú
Téamh agus fuarú

• tionchair théite agus fhuaraithe ar raon solad, leachtanna agus gáis a iniúchadh
• turgnaimh a dhéanamh chun na hábhair ar seoltóirí nó inslitheoirí maithe teasa iad a aithint
• a aithint cé na bealaí a ndéantar foirgnimh a théamh agus a insliú
• a aithint cé mar is féidir téamh agus fuarú a úsáid chun bia a leasú

Meascadh, deighilt agus athruithe eile
• mar is féidir raon leathan ábhar a athrú trí mheascadh a imscrúdú
• tionchair solais, aeir agus uisce ar ábhair a imscrúdú
• na hathruithe a tharlaíonn in ábhair nuair a chuirtear fórsaí fisiceacha i bhfeidhm orthu a iniúchadh
• a thuiscint go bhfuil ocsaigin riachtanach le haghaidh dóite
• bealaí simplí ar féidir ábhair a dheighilt óna chéile a iniúchadh


Cáisc – LSB Bealtaine
Snáithe: Dúile Beo
Snáithaonad: Plandaí agus ainmhithe

Éagsúlacht agus tréithe dúile beo
• na hainmhithe agus na plandaí a mhaireann i ngnáthóga agus in imshaoil áitiúla a bhreathnú, a aithint agus a scrúdú
• feasacht fhorásach ar fhlóra agus ar fhána as imshaol níos fairsinge fós a fhorbairt idirghaolta agus idirspleáchas na bplandaí agus na n-ainmhithe i ngnáthóga áitiúla
agus i ngnáthóga eile a aithint
• eochracha simplí a dhéanamh agus a úsáid chun speicis na bplandaí agus na n-ainmhithe a mhaireann sa timpeallacht a aithint
• feasacht i dtaobh tréithe cuid de phríomhghrúpaí na ndúl beo a fhorbairt
• dúile beo a ghrúpáil le chéile i dtacair agus a chur i gcomparáid le chéile de réir a
gcosúlachtaí agus a ndifríochtaí

LSB Bealtaine – Samhradh
Snáith: Fuinneamh agus Fosaí
Snáithaonad: Solas

• a fhoghlaim gur cineál amháin fuinnimh é solas
• a thuiscint go dtaistealaíonn solas ó fhoinse amach
• scoilt agus meascadh solais a imscrúdú
• athraonadh solais a imscrúdú
• a iniúchadh gur frithchaiteoirí maithe solais iad scátháin agus dromchlaí lonracha
eile
• úsáid lionsaí agus méadaitheoírí simplí eile chun rudaí a mhéadú a iniúchadh,
tábhacht radharc na súl a thuiscint
• ról sholas na gréine i bhfótaisintéis a thuiscint agus a mheabhrú go dtugann an
ghrian teas agus solas dúinn nárbh fhéidir le daoine maireachtáil ina n-éagmais
• bheith feasach ar an gcontúirt a ghabhann le barraíocht solais ghréine

Snáithaonad: Teas
• turgnaimh a dhéanamh le raon d’ábhair lena bhunú gur féidir teas a thraschur i
mbealaí éagsúla trí uisce, mhiotail nó aer
• foinsí éagsúla teasa a aithint
• a thuiscint gur féidir fuinneamh teasa a thraschur i solaid (conduchtadh) in uisce (comhiompar) ón ngrian (spré)
• teocht a thomhas agus a chlárú agus teirmiméadar a úsáid chuige sin.

Snáithe: Feasacht agus cúram imshaoil
Snáithaonad: Eolaíocht agus t-imshaoil

• úsáid eolaíochta agus teicneolaíochta i gcomhthéacsanna coitianta a léirthuiscint
• roinnt bealaí inar chuir eolaíocht agus teicneolaíocht go dearfach le húsáid acmhainní an Domhain a iniúchadh
• ar chuir eolaithe le leas na sochaí a aithint
• gníomhaíochtaí daonna a bhféadfadh deathionchar nó droch-thionchar a bheith acu
ar imshaoila aithint agus a imscrúdú

Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn