Gaelscoil Eirne
  • Baile
  • Ár Scoil
    • Fáilte ón bPríomhoide
    • Suíomh na scoile
    • Foireann na Scoile
    • Comhairle na nDaltaí
    • An Brat Glas
    • An Bratach Scoile Ghníomhaí
    • Scoil Dhigiteach
    • Seachtain na Gaeilge 2017
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Máire
    • Rang M. Naimh /Máire
    • Rang Múinteoir Conchúbhar
    • Dánta agus Amhráin
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha 2018
    • Polasaithe >
      • Éiteas/ Ethos
      • Cód Iompraíochta
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Grianghraif
    • Físeáin
    • 2015-2017
    • 2013-2015
    • 2010-2013
    • Roimh 2010
  • Déan Teagmháil Linn
  • Nuachtlitreacha/Newsletters
  • Scoil Gníomhach
  • Cumhdach Leanaí
  • Untitled
  • Untitled
  • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy

Polasaí Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta
(Gné den Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte)

​Fealsúnacht na Scoile
Is Gaelscoil idirchreidmheach í Gaelscoil Éirne. Tá sé i gceist ag pobal na scoile idir daltaí, múinteoirí , tuistí agus an Bord Bainistíochta atmáisféar scoile a chruthú a thugann tacaíocht, agus cabhair agus a léiríonn meas ar a chéile.  Chun an atmaisféar a chur i gcríoch is gá go mbeidh cumarsáid agus comhoibriú idir na páirtnéirí difrúla. Agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta a mhúineadh go foirméalta agus go neamhfhoirméalta mar ghné den Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte, cuirfear ar chumas na bpáistí fás agus forbairt pearsanta a chur i gcríoch tri chomhoibriú idir na baill difrúla de phobal na scoile.
 
Sainmhiniú ar O.C.G.
Tugann O.C.G. deiseanna do phaisti foghlaim faoi caidrimh agus gnéasachta ar bhealaí a chabhraíonn leo smaoineamh agus gníomhú ar bhealach atá morálta, freagrach agus aireach. Beidh O.C.G. mar pháirt den chlár ‘Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte.
 
An Gaol atá ag  O.C.G. le O.S.P.S.
Tá  O.C.G. mar pháirt den chlár ‘Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte. Beidh sé i gceist in aon cheacht  O.S.P.S., eolas sóiléir a thabhairt, fein mhúinín a fhorbairt, cabhrú leis na páistí cumarsáid a dhéanamh, rogha a dhéanamh agus mothuchán a chur in iúl go héifeachtach.
 
Soláthair Faoi Láthair
Faoi láthair, cuirtear an clár O.C.G. chun cinn trí atmaisféar comhoibritheach cabhrach a léiríonn meas ar gach duine a chothú.
Tugtar deiseanna do pháiste scilleanna a fhoghlaim agus eolas a fháil faoi chaidrimh agus gnéasachta mar pháirt de na hábhar Teagasc Chriostaí, Eolaíocht agus  Dramaíocht.
Ta ceachtanna foirmeálta O.S.P.S. a bhaineann leis an gclár ‘Misneach’ agus ‘Fan Slán’ a dhéanamh sa scoil freisin.
 
Aidhmeanna
Is iad aidhmeanna O.C.G. ná
-cur le forbairt pearsanta, féinmheas agus folláine an phaiste
  • cabhrú leis an bpáistecairdis agus caidrimh fholláine a fhorbairt.
  • Tuiscint a chothú agus dearcadh folláin faoi ghnéasacht agus chaidrimh an duine laistigh de chreat morálta, spioradálta agus sóisialta
  • A chur ar chumas an pháiste tuiscint agus urraim a bhaint amach i gcás grá daonna, caidreamh collaí agus atáirgeadh
  • Mothú iontais agus uamhain a fhorbairt agus a chothú sa pháiste i leith an phróisis a bhaineann le breith agus le beatha nua.
  • A chur ar chumas an pháiste a bheith compordach lena gnéasacht féin agus le gnéasacht daoine eile fad atá se ag fás agus ag forbairt.
 
An Churaclam
Leanfaidh an scoil an curaclam mar atá leagtha amach can doiciméidí churaclam ón Roinn Oideachas agus Eolaíochta
Naíonan Shóisir go Rang a Dó
Déanfar iniúchadh ar na topaic seo a leanas:
-Tuairimí a chur in iúl agus éisteacht le tuairimí daoine eile
  • an hathruithe difrúla ata ag tarlu dá chorp le linn do na páisti a bheith ag fás agus ag forbairt.
  • Ag tabhairt aire do do chorp ó thaobh codladh, aclaíocht agus sláinteachas
  • Ag fanacht slán, cad le déanamh má tá siad amú
  • Meas agus tuiscint ar saol teaglaigh
  • Ag cothú cairdeas le daoine eile
  • Ag titim amach le cairde
  • Ag déanamh roghanna freagrach dá aois
 
Rang a Trí go Rang a Sé
Déanfar iniúchadh ar na topaic seo a leanas:
  • Ag tabhairt aire do do chorp ó thaobh codladh, aclaíocht agus sláinteachas
  • Ag fanacht slán
  • Na hathruithe difrúla ata ag tarlú dá chorp le linn do na páisti a bheith ag fás agus ag forbairt
  • Conas a dhéantar páiste a ghinnúint agus a breith
  • Mothúchán agus conas mothúchán a chur in iúl
  • Meas agus tuiscint ar an dteaghlach
  • Cairdeas
  • Ag dáileáil le coimhlint
  • Meastóireacht a dhéanamh ar an cur síos a thugtar ar caidrimh agus gnéasachta sna meáin chumarsáide
 
 
Treoirlínte i dtaobh bainistíócht agus eagrú O.C.G.
An Curaclam a Chur i Láthair
Leanfaidh an scoil na céimeanna seo a leanas:
  1. cur in iúl i scríbhínn do thuismitheoirí go bhfuil na ceachtanna O.C.G. á dhéanamh ag an rang ag an am cuí
  2. an churaclam a bheith ar fáil do thuismitheoirí
  3. cóip de na leathnach oibre ón gclár a chur abhaile leis na páistí
  4. traenáil, tacaíocht agus cabhair a chur ar fáil do fhoireann na scoile
  5. deiseanna a iniúchadh sa chaoi gur féidir le tuismitheoirí a bheith mar pháirt den cur  i láthair
  6. áiseanna teagaisc cuí a chur ar fáil do fhoireann na scoile
  7. eolas a dháileadh faoi oíche traenála do thuismitheoirí
  8. athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí
 
 
Dualgas atá ar Thuismitheoirí
1. Tá sé le tuiscint ag an scoil go bhfuil an ceart ag tuismitheoirí a pháiste a bhaint ón rang O.C.G. Sa chás seo, cuirfear an páiste go rang éigin eile. Is gá an scéal a chur in iúl don mhúinteoir ranga i scríbhínn.
2. Go ndéanfaidh tuismitheoirí plé ar na billeoga oibre lena bpáiste, iad a shiniú agus a chur ar ais ag an scoil.
3. Tuairimí i dtaobh an polasaí a chur in iúl don Bhord Bainistíochta i scríbhínn
4. Tuigtear go bhfuil tromlach an fregrach i dtaobh O.C.G. ar an tuismitheoir.
 
Dualgas ar Mhúinteoirí
  1. Tá sé le tuiscint go bhfuil an ceart ag aon mhúinteoir diúltiú an clár a mhúineadh. Caithfear an rogha seo a chur in iúl don Bhord Bainistíochta i bhfoirm scríbhínn. Sa chás seo, múinfidh an príomhoide na ceachtanna O.C.G.
  2. Go nglactar leis go bhfuil ceart príobháideachas ag an múinteoir agus nach bhfuil dualgas orthu nithe óna s(h)aol phearsanta a nochtadh
  3. Go nglactar leis go bhfuil ceart príobháideachas ag an bpáiste agus nach gcuirfear brú orthu nithe óna s (h)aol phearsanta a nochtadh.
  4. Má thagann aoíchainteoir ag an rang go bhfuil an dualgas ag an múinteoir fanacht sa seomra ranga agus ple a dhéanamh leis an aoíchainteoir faoi abhar na cainte roimh ré.
  5. Meas a tháispeáint ar ionchur an bpáiste.
 
Nithe Sochorraithe
  1. Glactar leis go mbeidh ceisteanna ag páistí agus go bhfuil na ceisteanna sin mar pháirt den próiseás foghlama. I gcás go gcuireann an páiste ceist faoi ábhar nach bhfuil mar pháirt den churaclam atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais, tabharfar an treoir seo a leanas don pháiste ‘ Go raibh maith agat don cheist. Nílimid ag plé an ábhar sin inniu ach beidh tú ag foghlaim faoi amach anseo (an bhlian seo chugainn, sa mheánscoil).Is féidir leat an cheist a chur ar do thuimitheoirí.”
  2. I gcás na topaic corraitheach sna hardranganna (msh, miostriú srl), múinfear an rang mar chomhbhuíon agus ansin déanfar iad a roinnt. Ar an gcaoi seo, déanfar iarracht páistí a chur ar a gcompord.
 
 
Daigniú an Pholasaí
 
Ghlac an Bord Bainistiochta leis an bpolasaí seo ar 14/11/2011     
Siniú:   _____________________________________________
 
 
Nós scoile
*Leabhrán agus DvD Aistear na nÓg: Busy Bodies in úsáid ag Rang 5/6 Mí an Mheithimh
Leagan Béarla agus Gaeilge ar fáil.      
Cuirtear litir agus cóip den leabhrán abhaile sula ndéantar na ceachtanna.
Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
  • Ár Scoil
    • Fáilte ón bPríomhoide
    • Suíomh na scoile
    • Foireann na Scoile
    • Comhairle na nDaltaí
    • An Brat Glas
    • An Bratach Scoile Ghníomhaí
    • Scoil Dhigiteach
    • Seachtain na Gaeilge 2017
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Máire
    • Rang M. Naimh /Máire
    • Rang Múinteoir Conchúbhar
    • Dánta agus Amhráin
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha 2018
    • Polasaithe >
      • Éiteas/ Ethos
      • Cód Iompraíochta
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Grianghraif
    • Físeáin
    • 2015-2017
    • 2013-2015
    • 2010-2013
    • Roimh 2010
  • Déan Teagmháil Linn
  • Nuachtlitreacha/Newsletters
  • Scoil Gníomhach
  • Cumhdach Leanaí
  • Untitled
  • Untitled
  • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy