Gaelscoil Eirne
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn

GAELSCOIL ÉIRNE
Polasaí i Leith Obair Bhaile

Spreagann obair bhaile neamhspleáchas, féintuilleamaí, féinmhuinín, comhoibriú agus freagracht agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Is cuid riachtanach den bhunoideachas í toisc go ndéantar treisiú ar a bhfuil foghlamtha ag an bpáiste  ar scoil. Cruthaíonn sí nasc idir múinteoirí agus tuismitheoirí agus spreagtar tuismitheoirí chun a bheith páirteach in oideachas a gcuid bpáistí.
 
Go ginearálta, ba chóir go mbeadh an páiste in ann an obair a dhéanamh gan chabhair, agus é/í ag déanamh a d(h)ícheall. De ghnáth ullmhaíonn  an múinteoir  an t-ábhar sa rang.  Is féidir obair bhaile  a úsáid chun an méid atá  déanta sa scoil a chleachtadh nó chun  dúshlán a thabhairt don pháiste agus deis a thabhairt dó/di a bheith cruthaitheach.
 
Cé chomh minic is a bhíonn obair bhaile le déanamh?
Bionn obair bhaile le déanamh ar an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin agus an Déardaoin ach ní ar an Aoine ach amháin ins na cásanna seo:
  • Da mbeadh faillí déanta ins an obair bhaile i rith na seachtaine roimhe
  • Ins na hardranganna, bíonn obair le déanamh ar chúrsaí tionscadail ag an deireadh seachtaine.
  • Sa dara théarma Rang a Sé, faigheann na daltaí obair bhaile chun iad a ullmhú don mheánscoil.
Uaireanta, déanann an múinteoir ranga no an príomhoide cinneadh gan obair bhaile a thabhairt chun cineál a dhéanamh ar an rang nó chun ceiliúradh a dhéanamh ar chúis éigin.
 
 
Ábhar Obair Bhaile
De ghnáth, bíonn idir tascanna léitheoireachta, foghlama agua scríofa i gceist.  Uaireanta ní féidir an chothromaíocht seo a bheith ann, agus bíonn difríochtaí i gceist ó lá go lá.  Pé scéal é, is cóir go dtuigfí gurb ionann an tábhacht a bhaineann le hobair léitheoireachta  agus foghlama agus an tábhacht a bhaineann le hobair scríofa.  Bíonn an réimse seo a leanas i gceist: léitheoireacht, litriú, táblaí, obair scríofa, ábhar le “cur de ghlan mheabhair”, líníocht/dathú, eolas/nithe a bhailiú agus críoch a chur le hobair a bhí ar siúl sa rang.  Is minic a cheapann páistí nach obair bhaile cheart atá sa léitheoireacht agus an cur de ghlan mheabhair.  Chun a bheith cinnte go ndéantar an obair seo go críochnúil, is mór an chabhair é nuair a ghlacann tuismitheoirí páirt san obair seo. 
 
Fad Ama i leith Obair Bhaile
Is iad seo leanas na treoirlínte a bhaineann le fad ama obair bhaile.  Ní bhíonn páistí mar an gcéanna maidir leis an am a thógann siad chun an píosa céanna oibre a dhéanamh.  Ní hionann an t-am a bheidh i gceist gach lá agus bíonn éagsúlacht i gceist idir tús agus deireadh na scoilbhliana.  Fiúntas na hoibre an rud is tábhachtaí seachas an t-am a chaitear leis an obair.  Seo iad na treoirlínte ginearálta:
            Naíonáin: 0-20 nóiméad
            Rang 1, 2: 20 go 30 nóiméad
            Rang 3,4: 30 go 40 nóiméad
            Rang 5,6: 40 go 50 nóiméad
 
Ba chóir do dhaltaí:
  •  An obair bhaile a bhreacadh síos go cruinn sa dialann obair bhaile.
  •  A bheith cinnte de go mbeireann siad na leabhair agus cóipleabhair chuí abhaile leo.
  •  Na tascanna obair bhaile a dhéanamh chomh maith agus is féidir leo.
  •  An obair scríofa a bheith néata.
 
Ba chóir do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí:
  • Dearcadh dearfach a spreagadh i leith obair bhaile ins na hábhair ar fad ón tús.
  • Páistí a spreagadh chun obair a dhéanamh go neamhspleách chomh fada agus is féidir.  Gan cabhair gan gá leis a thabhairt. 
  • Páistí a spreagadh chun a bheith eagraithe maidir leis an obair bhaile.  Leabhair agus ábhair a bheith ar fáil in aice láimhe.
  • Ba chóir go mbeadh an Dialann Obair Bhaile ar oscailt chun na tascanna éagsúla a mharcáil agus iad déanta.
  • Am oiriúnach a leagadh amach chun an obair bhaile a dhéanamh, agus aois an dalta chomh maith le cúrsaí spraoi, scíth a ligint agus caidreamh teaghlaigh a thógaint san áireamh. 
  • Suíomh ciúin agus bord oiriúnach a chur ar fáil ionas nach mbíonn ábhar seachráin nó cur isteach i gceist, ná an teilifís ar siúl. 
  • Na páistí a spreagadh chun obair néata a chur ar fáil taobh istigh d’achar réasúnta ama. 
  • An Dialann Obair Bhaile a shíniú (Ranganna 1-6), agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil an obair ar fad déanta. 
  • Deimhin a dhéanamh de go mbíonn na leabhair chuí ag an bpáiste, chomh maith leis an dialann obair bhaile, cóipleabhair, pinn lú, fearas matamaitice, foclóir, éide corpoideachais, más gá don lá scoile.  
  • An muinteoir ranga a chur ar an eolas maidir le fadhbanna, trí nóta a chur sa dialann obair bhaile. 
 
Ba chóir do Mhúinteoirí:
Obair Bhaile a thabhairt, athbhreithniú a dhéanamh ar thascanna agus aiseolas a thabhairt do dhaltaí.  Ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar obair bhaile chun fadhbanna speisialta foghlama a aithint.
 
Cé chomh minic agus a déantar monatóireacht ar obair bhaile?
Is fearr go ndéanfaí obair bhaile a sheiceáil go laethúil.  Mar sin féin, le ranganna móra bheadh sé deacair gach dialann a sheiceáil gach lá.  Le himeacht aimsire agus de réir mar a dhéanann an dalta a chuid oibre go neamhspleách, déantar seiceáil gach re lá nó uair sa tseachtain.  Is féidir le daltaí seiceáil a dhéanamh iad féin ar obair ranga agus obair bhaile, faoi stiúrú an mhúinteora.  Cuid úsáideach den bhfoghlaim í seo mar cothaíonn sé freagracht agus féinmheas.   
 
 
 
Cad a tharlaíonn nuair nach mbíonn an obair bhaile déanta?
Nuair a tharlaíonn sé go rialta nach mbíonn an obair bhaile déanta, cuireann an múinteoir fios ar na tuismitheoirí  chun an fhadhb a réiteach.  Muna dtagann feabhas ar chúrsaí, cuireann an múinteoir an scéal faoi bhráid an Phríomhoide.  Cuireann an Príomhoide fios ar na tuismitheoirí chun cruinniú a eagrú chun an cás a réiteach.
 
 
Daingnithe ag an mBord Bainistíochta ar
            __________________
Dáta
 
Sínithe __________________________________________
Cathaoirleach, Bord Bainistíochta
​
Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seanaidh. Co.Dhún na nGall.  Fón 071 98 22780  
​R-Phost gaelscoileirne@gmail.com
  • Baile
    • Foireann na Scoile
    • Ár Scoil >
      • An Brat Glas
      • Comhairle na nDaltaí
      • Fáilte ón bPríomhoide
      • Éiteas/ Ethos
      • An Bratach Scoile Ghníomhaí
      • Seachtain na Gaeilge
    • Suíomh na scoile
  • Tuismitheoirí
    • School Calendar / Féilire
    • Nuachtlitreacha
    • Polasaithe >
      • Cód Iompraíochta
      • Módh imeachta i gcás Gearáin/ Complaints Procedure
      • Obair Bhaile/Homework Policy
      • Frithbhulaíochta/ Anti-Bullying Policy
      • Cosaint Leanaí/ Child Protection Policy
      • Iontrála/ Admisson Policy
      • Riachtanais Speisialta Oideachais/ Special Ed Needs
      • Usáide Inghlactha/ AUP Policy
      • Lón Folláin/ Healthy Lunch Policy
      • O.S.P.S/ RSE Policy
      • Maoirseacht/ Supervision Policy
    • Pleananna >
      • Plean Scoile don Bhéarla
      • Plean Scoile do OSPS
      • Plean Scoile don Ghaelige
      • Plean Scoile don Stair
      • Plean Scoile don Eolaíocht
      • Plean Scoile don Tíreolaíocht
      • Plean Scoile don Cheol
    • Links for Extra Info >
      • Gaelscoileanna
      • An Foras Pátrúnachta
      • TG4
      • Raidió na Gaeltachta
      • Dictionary Irish/English
      • Gaeloideachas T-na-hÉ
      • Kilbarron Parish Info
      • Áisaonad
      • Aodh Ruadh CLG
  • Na Ranganna
    • Rang Múinteoir Kerrie
    • Rang Múinteoir Conchubhar
  • Griangraif
    • Físeáin na Nollag
    • 2015-2017
    • 2013-2015
  • Déan Teagmháil Linn