Gaelscoil Éirne
Polasaí Maoirseachta
Réasúnaíocht
An aidhm atá againn ná suíomh sábháilte a chur ar fáil chun gur féidir leis na páistí atá faoin ár gcúram foghlaim agus súgradh a dhéanamh. Mar mhúinteoirí, glacaimid leis an dualgas cúraim a chuirtear orainn. Sa scoil seo Gaelscoil Éirne, déanaimid gach iarracht a chinntiú go ndéantar maoirseacht chuí ar na páistí faoin ár gcúram.
Rólanna agus Freagrachtaí
Tá dualgas ar Phríomhoide na Scoile Sceideal Maoirseachta a dhréachtadh agus a choimeád suas chun dáta, agus na daoine liostaíthe ar an sceideal a chur ar an eolas faoi. Sa chás go mbíonn duine as láthair ar bhonn pleanáilte déanann an duine sin socrú leis an gcéad duine eile ar an liosta an dualgas maoirseachta a mhalartú leis/léi. Sa chás go bhfuil duine as láthair gan choinne, déanann an príomhoide cinnte de go ndéanann an chéad duine eile ar an liosta an dualgas.
Ráiteas Polasaí
Le linn sosa bíonn múinteoir amháin i mbun maoirseachta sa chlós agus gach cúntóir riachtanais speisialta. Má bhíonn an lá fliuch, déantar maoirseacht ar na seomraí ranga. Déantar na Rialacha maidir leis an gclós a aithbhreithniú go rialta, agus meabhraítear do na páistí fúthu. Bíonn cóip scríofa de na rialacha cuí fógraithe in gach seomra ranga. Fanann an Maor sa chlós leis na ranganna go dtí go dtagann an múinteoir ranga chun gach rang a bhailiú.
Beidh an scoil ar oscailt chun páistí a ligint isteach ag 9.00 r.n. Ní ghlactar freagracht as cúram páistí a thagann níos luaithe ná sin. Buailtear an clog ag 9.10 r.n. Cuirtear tús le ranganna gach lá ag 9.20 r.n. Bíonn deireadh le ranganna ag 1.50 i.n. (Naíonáin) agus 2.50 i.n. (na ranganna eile ar fad). Déanann múinteoirí cinnte de go gcuirtear deireadh leis an lá scoile go hordúil, agus nach mbíonn aon duine fágtha ins na seomraí ranga. Más mian le tuismitheoirí go ndéanfaí a gcuid páistí a thionlacan abhaile, ba chóir dóibh féachaint chuige go dtagann duine go dtí geata na scoile chun iad a bhailiú, roimh 1.50 i.n i gcás na Naíonán agus 2.50i.n. i gcás na ranganna eile. Ní féidir leis an scoil a bheith freagrach as cúram páistí níos déanaí ná sin.
Daingnithe ag an mBord Bainistíochta ar -------------------------------
Dáta
Sínithe _________________________
Cathaoirleach, Bord Bainistíochta