Gaelscoil Éirne
Cód iompraíochta
Is iad na haidhmeanna a ghabhann leis an gcód iompraíochta ná:
- Treoir a thabhairt do dhaltaí, múinteoirí, agus tuismitheoirí maididr le hionchais iompraiochta.
- Go bhfeidhmneoidh an scoil le héifeacht agus go sábháilte
- Go ndéanfar forbairt ar fhéinmheas daltaí agus go gcuirfear dea-iompraíocht chun cinn.
- Go gcothófar forbairt mothú freagrachta agus féinsmachta lins na daltaí, bunaithe ar chomh-mheas, cásmhaireacht agus caoinfhulaingt.
- Oideachas agus forbairt a éascú i dtaobh gach páiste
- Cásmhaireacht a chothú i dtaobh daoine eile agus i dtaobh na timpeallachta.
- Cinntiú go mbíonn ar chumas múinteoirí a gcuid oibre a dhéánamh gan briseadh isteach.
Tá páirt le glacadh ag gach ball de chomhphobal na scoile maidir leis an gCód Iompraiochta a chur i bhfeidhm. Beidh a laghad rialacha ann agus is féidir, cuirfear an bhéim ar dea-iompraíocht agus úsáidfear smachtbhannaí go cothrom a gus go comhsheasmhach, aoin an phásite tógtha san áireamh chomh maith le éagsúlachtaí indibhidiúla. Tabharfar spreagadh agus aithint don dea-iompraíocht. Nuair a bhíonn deacrachtaí ann, cuirfear fios ar na tuismitheoirí gan mhoill.
Treoirlínte Ginearálta chun dea-iompraíocht a spreagadh
- Glactar leis go ndéánfaidh daltaí iad féin a iompar le chomh-mheas agus cúirtéis i gcónaí, le daoine fásta agus le daltaí eile.Ní ghlacfar le iompar a chuireann isteach ar chearta daltaí eile maidir le cúrsaí oideachais nó cúrsaí sábháilteachta.
- Glactar leis go mbeidh daltaí cúramach maidir le réádmhaoin na scoile agus go gcoiméad faidh siad an timpeallacht glan agus soar ó bhruscar.
- Glactar leis go mbeidh cuma néata ar dhaltaí, go mbeidh leabhair agus fearas cuí ina seilbh acu agus go mbeidh siad i láthair san áit cheart agus in am.
- Glactar leis go ndéanfaidh daltaí mar a deirtear leo sa rang, go n-oibreoidh siad go díograiseach agus go ndéanfaidh siad tionscadail a thabhairt suas agus caoi mhaith orthu.
- Glactar leis go mbeidh daltaí i láthair gach lá muna mbíonn cúis mhaith ag cur bac orthu, agus sa chás sin is cóir go gcuirfidís an t-eolas chun na scoile I scríbhinn, agus fátha na neamhláithreachta a bheith luaite .
Bulaíocht
Sainmhínítear bulaíocht mar seo: forrántacht a athdhéantar ag duine nó grúpa i gcoinne duine nó daoine eile a d’fhéádfadh a bheith i bhfoirm cainte, siceolaíoch nó fisiciúil. Is iad na gnáthchineálacht bulaíochta ná tadhaill fisiciúil le forrántacht, leasainmneacha maslacha, imeaglú, sracadh, aonrú agus malaí. Ní ghlacfar le bulaíocht agus beifear ag súil le comhoibriú leis an scoil an t-am go léir, maidir le déileáil le cásanna bulaíochta i gcomhréir le polasaí frithbhulaíochta na scoile.
Dea-iompraíocht a dhearbhú
Bíonn féindisciplin feabhsaithe mar thoradh nuair a dhéantar treisiú dearfach ar dhea-iompraiocht, agus leagaimidne béim níos mó ar dreasachtaí agus luaíochtaí in ionad smachtbhannaí.
Straitéisí/ Dreasachtaí
- Cogar ar laetaobh nó comhartha chun moladh a chur in iúl.
- Nóta a scríobh i gcóipleabhar an dalta.
- Cuairt ar rang eile, nó chun oifig an Phríomhoide le haghaidh moladh.
- Moladh ós comhair ranga.
- Duaiseanna moladh indibhidiúla ranga, duaiseanna pointí nó stampaí.
- Freagracht nó pribhléid speisialta a bhronnadh.
- Teagmhail labhartha nó iscríbhinn le tuismitheoirí.
Is le haghaidh mí-iompraiocht a smachtú agus dea-iompraiocht a chur chun cinn a úsáidtear smachtanna agus straitéisí eile. Cuirfear smachtanna I bhfeidhm de réir déine na mí-iompraíochta, ag braith ar aois agus forás mothúchánach. Is féidir go mbeidh na nithe a leanas san áireamh:
- Plé leis an dalta
- Íde béil agus moltai maidir le conas feabhsú.
- Aonrú amach sealadach ón ngrúpa sa rang agus/nó an dalta a bhogadh go rang eile.
- Obair bhreise a thabhairt.
- Pribhléidí a bhaint den dalta.
- Ana dalta a choimeád istigh i rith am sosa.
- Teagmháil le tuismitheoirí.
- An dalta a sheoladh chuig an bPríomhoide
- Príomhoide ag déanamh teagmháil le tuismitheoirí.
- Eisiamh (ag cur ar fionraí nó díbirt) ón scoil ( i gcomhréir le Rial 130 de Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta mar atá leasaithe ag ciorclain agus ag an Acht Oideachais (Leas) 2000.)
Cur ar fionraí/díbirt
Bainfear feidhm as na gnáth-theagmhálacha idir scoil agus tuismitheoirí, sula n-úsáidtear smachtanna troma ar nós coinneáil istigh, cur ar fionraí nó díbirt. Nuair a mholtar dalta a chur ar fionraí I ndiaidh am scoile, cuirfear sin in iúl do thuismitheoirí nó caomhnóirí. Is féidir go mbeidh an teagmháil le tuismitheoirí I scríbhinn nó labhartha, ag braith ar chúrsai.
I dtaobh mí-iompraiocht an trom-chúiseach nó cásanna athdhéánta mí-iompraiochta is féidir cur ar fionraí a roghnú mar réiteac. Iarrfar ar thuismitheoirí teacht chun na scoile leis an scéal a phlé. Féachfar ar iompraíocht atá forrántach, bagarthach nó foréigneach i gcoinne múinteoir nó dalta, mar dhroch-iompraíocht trom nó dona. Nuair a tharlaíonn cásanna mí-iompraiochta arís agus arís eile, cuirfear fios ar Chathaoirleach an Bhord Bainistíochta agus iarrfar ar na tuismitheoirí, i scríbhinn, teacht chun na scoile chun bualadh leis an gCathaoirleach agus an Príomhoide.
Muna dtugannna tuismitheoirí gealltanas go n-iompróidh an dalta é féin an bhonn sásúil as sin amach,is féidir an dalta a chur ar fionraí ar feadh tréimhse. Sara ndéantar é sin más féidir féadfaidh an Príomhoide an cás a athbhreithniú i gcomhairle le múinteoirí agus baill eile de chomhphobal na scoile a bhfuil baint acu leis an scéal. Déanfar eachtraí mí-iompraíochta an dalta a chur san áireamh, féachaint an bhfuil pátrún ag baint leo,agus an comhthéacs a bhreithniú agus scrúdófar smachtbhannaí agus cineálacha eile idirghabála,agus an toradh a bhí orthu, chomh maith le pé tuairisc liachta a bhaineann leis an gcás. Beidh fionraí ocht i bhfeidhm i gcomhréir leis na Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta agus Acht Oidheachais (Leas) 2000.
I gcás go bhfuil an mhí-iompraíocht an-tromchúiseach ar fad nuair a chaitear ord agus smacht a choimeád sa tsiúl,agus chun sábháilteacht na bpáistí a chinntiú, féadfaidhan Bord an Cathaoirleach/Priomhoide a údarú chun an dalta a chur as fionraí láithreach ar feadh trí lá scoile ar an mhéid,go dtí gur féidir an cás a phlé leis na tuismitheoirí.
Is féidir díbirt a dhéanamh freisin,i gcásanna antoisceacha,i gcomhréir leis na Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta agus Acht Oideachais (Leas) 2000.Sara ndéantar dalta a chur ar fionraí nio a dhibirt ,caithfidh an Bord an tOifigeagh Áitiúil (Leas)a chur ar an eolas i scríbhinn i gcomhréir le Mir 24 den Acht Oideachais (Leas).
Fionraí a chur ar ceal (Aischur)
Le linn tréimhse fionraíochta,nó ina dhiadh,is féidir le tuismitheoirí iarratas a chur isteach chun an dalta a aischur ar scoil, Caithfidh na tuismitheoirí gealltanas sásúil a thabhairt go ndéanfaidh an dalta é féin a iompar i gcomhréir la Cód Iompraíochta na scoile agus caithfidh an Príomhoide a bheith sásta nach mbeidh an t-aischur ina údár riosca don dalta féin, do dhaltaí eile nó don bhfoireann. Déanfar plean iompraíochta a ullmhú don dalta,más gá,le cabhair an Phríomhoide,agus scaoilfear an dalta ar ais go foirmeálta go dtí an rang.
Riallacha Scoile
Bíonn a laghad rialacha agus is féidir agus iad leaghta amachchun aird mar is cuí a thabhairt do shláinte,sábháilteacht agus leas na mball uile i gcomhphobal na scoile. Má tá an scoil chun feidhmiú go héifeachtach is gá go mbeadh rialacha agus rialúchán á gcur in iúl go soiléir agus á gcur I bhfeidhm go comhseasmhach agus go cothrom.
Roimh / Tar éis Scoile
Meabhraítear do thuismitheoirí nach nglacann foireann na scoile freagracht i leith daltaí roimh am oscailte oifigiúil na scoile 9:10 nó tar éis am dúnta (1:50, Náionáin) agus (2:50, Ranganna Eile), ach amhain nuair a bhíonn daltaí gafa le gníomhaíochtaí seach-churaclaim eagraithe ag an scoil agus ceadaithe ag an mBord Bainistíochta. Daltaí a bhíonn ag gabhail do na gníomhaíochtaí seo, bítear ag súil go n-iompróidh siad iad féin i gcomhréir le polasaí iompraíochta na scoile ar na hócáidí seo.
Dualgais an Bhord Bainistíochta
- Timpeallacht atá compordach agus sabháilte a chur ar fáil.
- Tacú leis an bPríomhoide agus leis an bhfoireann chun an cód a chur i bhfeidhm.
- An cód a dhaingniú.
- Atmaisféar dearfach a chothú sa scoil.
- Cinntiú go ndéantar an Cód Iompraíochta a chur i bhfeidhm go comhseasmhach agus go cothrom.
- Socruithe a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód, de réir mar is gá.
Tacú le, agus cur i bhfeidhm cód iompraíochta na scoile.
- Timpeallacht oibre sábháilte a chruthú le haghaidh gach dalta.
- Dea-obair a aithint agus a mholadh.
- Obair scoile a ullmhú agus a bhfuil déanta ag daltaí a cheartú.
- Buanna indibhidiúla agus difríochtaí idir dhaltaí éagsúla a aithint agus deiseanna a chur ar fail dóibh araon.
- A bheith múinte, comhsheasmhach agus cothrom.
- Deimhin a dhéanamh de nach mbeidh mórán deiseanna ann chun iompraíocht toirmeascach a chur sa tsiúl.
- Dul i ngleic le mí-iompraíocht ar bhealach oiriúnach.
- Cásanna troma mí-iompraíochta nó cásanna athdhéanta mí-iompraíochta a thaifead.
- Tacú le comhghleacaithe.
- Teagmháil le tuismitheoirí nuair is gá agus tuairisc a thabhairt ar cheisteanna tábhachtacha dóibh.
- Freastal ar scoil go rialta agus go poncúil.
- Éisteacht leis na múinteoirí agus aird a thabhairt ar threoracha/chomhairle.
- Meas a thaispeáint do gach duine i gcomhphobal na scoile.
- Bheith cúramach i leith réadmhaoin na scoile agus na ndaltaí eile.
- Gan é/í féin a iompar ar bhealach ar bith a chuirfeadh daoine eile i ndainséar.
- Gan focail ghéara a rá, eascainí nó duine a bhaint as a ainm.
- Fáilte a chur roimh daltaí eile páirt a ghlacadh i gcluíchí/ngníomhaíochtaí.
- Ábhair/leabhair chuí a bhreith ar scoil.
- Rialacha scoile agus ranga a choimeád.
- Moladh do pháistí ómos a bheith acu dóibh féin agus do réadmhaoin.
- Cinntiú go bhfreastalaíonn páistí go rialta agus go poncúil.
- Spéis a chur in obair scoile na ndaltaí, tacú leo agus an obair a mholadh.
- Bheith ar an eolas maidir leis an gCód Iompraíochta, agus tacú le cur i bhfeidhm an chóid.
- Comhoibriú le múinteoirí i gcás go mbíonn iompraíocht an dalta ag cur isteach ar dhaoine eile.
- Teagmháil leis an scoil i dtaobh fadhb ar bith a d’fhéadfadh cur isteach ar dhul chun cinn/iompraíocht an pháiste.
Dáta
Sínithe _____________________________________________________
Cathaoirleach, Bord Bainistíochta
Aipindic 1
Rialacha Samplacha
Seomra Ranga
Caithfear treoracha an mhúinteora a leanúint. (Déan mar a deir an múinteoir leat.)
Ba chóir do dhaltaí obair a dhéanamh chomh maith agus is féidir leo agus cleachtaí a bheith néata. (Bí ag obair go dian.)
Ba chóir do dhaltaí fanacht ina suí muna ndeirtear leo a mhalairt a dhéanamh. Tá seo tábhachtach go háirithe nuair a bhíonn an múinteoir lasmuigh. (suigh id áit féin. )
Ba chóir do dhaltaí gan cur isteach ar dhaoine eile lena gcuid lámha, cosa, nithe pearsanta. (Ná bí ag briseadh isteach ar an múinteoir ná ag cur isteach ar dhaltaí eile ná a gcuid nithe pearsanta.)
Rialacha timpeall na scoile (samplaí)
Ba chóir do dhaltaí siúl go ciúin ins na dorchlaí, ag dul go dtí an clós/halla/séipéal etc agus ag teacht ar ais.
Ba chóir do dhaltaí “treoracha na dtrí chlog” a leanúint, fanacht sa láthair ceadaithe, agus gan an clós a fhágaint gan chead an mhúinteora.
Ba chóir do dhaltaí súgradh a dhéanamh go sábháilte i gcónaí. Tá cosc ar iompraíocht a bhíonn frithshóisialta, dainséarach nó goilliúnach (m.sh. Iomrascáil, greim mhuinéil, marcaíocht ar dhroim a chéile, bulaíocht, imeaglú, spochadh, maslú, troid, caitheamh seile, ciceáil, ruathrú i ngrúpaí, droch-chaint, eisiatacht.)
Ba chóir do dhaltaí siúl i dtreo na ngeataí ag am dul abhaile.