An Brat Glas 2019/2020 – Fuinneamh
Táimid go léir ag obair go dian le haghaidh ár dara Bhrat Glas ar son Fuinneamh. Táimid ag iarraidh gearradh siar ar an méid fuinneamh a úsáidimid ar scoil chun an costas a laghdú agus chun cabhrú leis an timpeallacht. Bíonn na páistí agus na múinteoirí ag déanamh iarracht an méid fuinneamh a úsáidimid a laghdú. Bíonn comórtas ann gach mí don Seomra ba Ghlaise sa scoil. Bíonn monatóireachta á déanamh ag na páistí atá ar choiste Ghlas na scoile ar leictreachas agus teas na scoile. Bíonn said ag díriú isteach ar na soilse agus an teas a choimeád istigh san a ranganna i rith am loin. Bíonn na monatóirí ag dul timpeall go dtí na ranganna ag múchadh na soilse ionas nach bhfuil leictreachas ag dul amú. Dúnann siad na doirse chomh maith ar na seomraí ranga agus oifig na scoile le déanamh cinnte nach bhfuil teas ag éalú i rith am lóin. Cuireann siad i gcuimhne do na múinteoirí na hearraí leictreach a mhúchadh gach tráthnóna freisin. An Coiste Glas 2019/2020 |
Cliceáil ar an gcnaipe thuas chun
níos mó eolais a fháil |